An bhfuil rud ar bith níos uaigní ná liathróid nár baineadh úsáid aisti?

AN SAIDHDIÚIR SAMHRAIDH: Tá an Saighdiúir ina Oisín i ndiaidh na Lámhainní an tseachtain seo agus liathróid bheag ghorm ag cur cumha i ndiaidh na seanlaethanta air

An bhfuil rud ar bith níos uaigní ná liathróid nár baineadh úsáid aisti?

Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Cumha atá ar an tSaighdiúir an tseachtain seo. Ag timireacht faoin teach a bhí mé nuair a tháinig mé ar thaisí spóirt de thaisme – liathróid úrnua liathróid láimhe. Faoi na héadaí rothair a bhí sí, dearmadta, í ina bosca go fóill. Liathróid nár buaileadh, nár preabadh, ó cheann ceann na cúirte.

An bhfuil rud ar bith níos uaigní ná liathróid nár baineadh úsáid aisti? Le bualadh atá liathróid. Dá gcuirfinn sliotar os do chomhair, rachfá ar lorg camáin. Dá mbíodh liathróid peile ar an talamh, thabharfá cic di. Thóg mé an liathróid as an bhosca agus ba í a bhí geal gorm. Smál níl uirthi.

Arú, an cathú a bhí orm cluiche a lorg arís, scairt a chur ar na seanlaochra. Ní féidir liom a insint duit an dúil atá agam sa liathróid láimhe, an pléisiúr a thugann an chuideachta agus an cluiche dom. Faraor, níor imir mé cluiche le dhá bhliain anuas. Cúrsaí clainne agus cúrsaí oibre is cúis leis. B’éigean dom dul chun na cathrach le cluiche a fháil agus ní raibh mé in ann aige sa deireadh.

Barraíocht imeachtaí eile oíche – snámh, ceol agus camógaíocht – ag na páistí a thug orm an cinneadh a dhéanamh sa deireadh. Níor gortaíodh mé – buíochas do Dhia – agus níor chaill mé spéis ann. Is amhlaidh gur éirigh an saol róghnóthach agus go raibh orm cinneadh a dhéanamh – cinneadh an fhir chéile, cinneadh an athar, cinneadh aibí an duine fhásta – agus seasamh siar, an t-am a bhí ar fáil a dheonú do chúram an tí.

Agus seo anois liathróid bheag ghorm ag cur cumha i ndiaidh na seanlaethanta orm – Oisín i ndiaidh na Lámhainní. Tá gach aon sórt agam go fóill. Cúpla péire lámhainní ina luí “faoi charnán trodán”, mar dhea, agus an liathróid bheag ghorm ghleoite seo.

Cluinim anois fuaim na cúirte; cluinim mo chosa ag scuabadh trasna an urláir; cluinim mallachtaí agus anáil agus feicim an liathróid san aer, mo lámh ag síneadh léi, cluinim an fhuaim tholl sin a dhéanann teagmháil na liathróide le mo bhois agus sin í ar shiúl ar ais arís i dtreo an bhalla. Killshot, a stór, killshot!

Aisling atá ann, aisling gan iarraidh, dúil gan fháil, cumha gan mhaith. Níl scéal ar bith le hinsint ag an liathróid bheag ghorm. Níl comhrá ar bith aici. Ní bheidh sí le tarraingt as mála spóirt i mBéal Feirste nó in Ard Mhacha nó in aon áit eile mar a bheadh bronntanas ó na déithe ann – amharc, a chairde, liathróid nua: “Good man, yourself!”

Is í atá gan phreab, gan dóchas. Is cime í, i gcillín an bhocsa, agus ní dócha go saorfar go deo í.

Fág freagra ar 'An bhfuil rud ar bith níos uaigní ná liathróid nár baineadh úsáid aisti?'