An bhfuil meas ar an éagsúlacht teanga san Aontas Eorpach? Cíorfar an cheist sa Pharlaimint inniu…

Díreoidh an chomhdháil ar an ‘éagsúlacht teanga’ agus ar an leithcheal teanga san Aontas Eorpach agus is í an Feisire Eorpach de chuid Shinn Féin Liadh Ní Riada a bheidh ina cathaoirleach

28/02/2012. EU referendum. An EU flag flies beside an Irish flag outside a Dublin city hotel this afternoon as it was announced by the Government that a referendum will be held on the european fiscal stability treaty. Photo: Laura Hutton/Photocall Ireland
Pictiúr: Laura Hutton/Photocall Ireland

Reáchtálfar comhdháil inniu i bParlaimint na hEorpa faoi chearta teanga. Comhdháil lae a bheidh ann, atá á reáchtáil ag na páirtithe GUE-NGL agus EFA-Greens i gcomhar leis an nGréasán Eorpach um Chomhionannas Teanga (ELEN).

Díreoidh an chomhdháil ar an ‘éagsúlacht teanga’ agus ar an leithcheal teanga san Aontas Eorpach. Is í an Feisire Eorpach de chuid Shinn Féin Liadh Ní Riada a dhéanfaidh cathaoirleacht ar an gcomhdháil ag a mbeidh saineolaithe ó réimsí éagsúla ag caint faoi chearta teanga san Aontas Eorpach, ina measc an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill, an teangeolaí Conchúr Ó Giollagáin, Ciarán Mac Giolla Bhéin ó Chonradh na Gaeilge, stiúrthóir an Oireachtais Liam Ó Maolaodha, Páidí Ó Lionáird ó TG4 agus Maitiú Ó Coimín ó Tuairisc.ie.

Beidh cainteoirí eile ann ó gach cearn den Aontas Eorpach ag labhairt faoina dteanga féin. Is í an Ghaeilge an t-aon teanga ina measc siúd a bhfuil stádas mar phríomhtheanga a tíre aici. I measc na dteangacha eile a bheidh faoi chaibidil Dé Céadaoin, beidh, an Bhriotáinis, an Chatalóinis, an Bhreatnais, an Choirnis, an Bhascais agus an Ocsatáinis.

Dúirt cathaoirleach na comhdhála, Liadh Ní Riada, go bhfuil “ról mór” ag an Aontas Eorpach maidir le cearta teanga a chosaint agus a chinntiú ar fud na hEorpa.

“Tá éagsúlacht iontach teangacha san Aontas Eorpach. Tá imeallú á dhéanamh ar chuid acu, áfach. Tá ról mór ag an Aontas Eorpach chun cearta na dteangacha ar fad san Aontas Eorpach a chosaint agus chun a chinntiú go dtugtar cothrom na féinne dá lucht labhartha laistigh de chreatlach an AE. Ag an gcomhdháil seo, beidh deis ann plé a dhéanamh ar chearta agus ar a bhfuil le déanamh lena chinntiú go gcosnófar cearta teanga san Aontas Eorpach.

“Cíorfar forbairt cearta lucht labhartha na dteangacha éagsúla mar aon le hidirdhealú teanga, le roinnt samplaí ó na tíortha ar fad óna mbeidh ionadaithe ag freastal chun léargas a thabhairt ar na deacrachtaí atá ann agus ar na cearta atá bainte amach ag lucht labhartha teangacha neamhfhorleathana. Beidh muid ag plé an leor na cearta atá againn faoi láthair agus an bealach is fearr chun cur leo,” a dúirt sí.

Beidh éisteacht leis an gCoiste Cultúir i ndiaidh na comhdhála faoi na bealaí ar féidir dul i ngleic le leithcheal teanga san Aontas Eorpach agus dúirt Ní Riada go bhfuil sí ag súil le “plé oscailte macánta” agus “éisteacht a bheidh bríomhar eolasach”.

Is í ELEN an t-aon eagraíocht san Aontas Eorpach atá dírithe ar chosaint agus ar chur chun cinn na dteangacha réigiúnacha, na mionteangacha agus na teangacha atá faoi bhagairt san Aontas. Tagann 44 teanga i 20 tír faoina scáth i láthair na huaire, agus is é Conradh na Gaeilge a dhéanann ionadaíocht thar ceann lucht labhartha na Gaeilge san eagraíocht. Maíonn ELEN go n-oibríonn sí ar son an 55 milliún duine atá ina gcónaí i dtíortha an Aontais Eorpaigh a labhraíonn mionteanga nó teanga réigiúnach.

comhdháil na seachtaine seo á reáchtáil mar thoradh ar thuairisc a thug ELEN do na Náisiúin Aontaithe faoi leithcheal teanga in aghaidh lucht labhartha na Catalóinise, na Bascaise agus na Gailíse sa Spáinn ag tús na bliana seo caite. Léiríodh sa tuarascáil sin gur iomaí uair a buaileadh agus a náiríodh daoine a bhí ag iarraidh a dteanga féin a labhairt leis an stát.

Dúirt ELEN nach raibh ina tuarascáil ach “an ceann caol den deacracht” agus go raibh a leithéid de leithcheal á dhéanamh ar fud na hEorpa, go háirithe sa Fhrainc, tír a bhfuil droch-cháil uirthi as an drochmheas atá ag na húdaráis ar theangacha na réigiún.

Beidh an chomhdháil oscailte don phobal ach is gá clárú, trí Pharlaimint na hEorpa, roimh ré.

Fág freagra ar 'An bhfuil meas ar an éagsúlacht teanga san Aontas Eorpach? Cíorfar an cheist sa Pharlaimint inniu…'