I bhfóram na Róimhe, fadó, ba leor don Impire comhartha a thabhairt le go ngearrfaí an scornach ag trodaí bocht. Bhuel, tá dearcadh á chraobhscaoileadh ar fhóraim ghréasáin na linne seo ar bhreá liomsa a scornach a ghearradh, an ceann a bhaint de agus idir chorp agus chloigeann a chaitheamh seacht léig i bhfarraige. Chím dalladh postálacha ag tathant ar fhoghlaimeoirí gan ‘vótáil’ a rá ach ‘guth a chaitheamh’ nó éirí as ‘fón’ agus ‘guthán’ na glan-Ghaeilge a úsáid feasta. ‘Iasachtfóibe’ a thugaimse air.
Tá dála na maláire ar an iasachtfóibe – díreach nuair a mheasann tú í a bheith curtha faoi chois, siúd os do chomhair amach í níos righne is níos nimhní ná mar a bhí riamh.
Múinteoir ar bith a sheas i seomra ranga riamh, beidh scéal léanmhar le hinsint aige nó aici faoi fhoghlaimeoirí ar cuma sa dúdhiabhal leo faoi chomhréir agus faoi dhul na Gaeilge ach a dtagann riastradh orthu nuair a chluin siad ‘páirceáil’ nó ‘meaisín’. Míníonn tú dóibh go foighdeach gur dual do theanga bheo focail a thabhairt ar iasacht, ach nach Béarla atá i bhformhór na bhfocal a thugann a oiread sin scannail dóibh. A chead agat a bheith ag pléadáil go dtiocfaidh dath dubh ort; níl leigheas sa loighic. Ach oiread le deamhan fola ón Trasalváin, ní leor na gnáthairm chun an iasachtfóibe a chur den saol – caithfidh tú stáca a shá trí cheartlár a chroí dhuibh.
Chuige sin, tá an ceistneoir seo á chur ar fáil ag Tuairisc.ie mar uirlis dhiagnóiseach. Ní gá teachtaireachtaí buíochais a sheoladh chugainn – is cuid dár gcúram seirbhís pobail é.
Ceistneoir iasachtfóibe
Roghnaigh focal amháin den phéire aibhsithe sna habairtí thíos.
- Bhí sórt/saghas náire orm é rá leis.
- Tá an damhsa/rince Gaelach ag dul ó neart go neart i Meiriceá Thuaidh.
- Le linn do chuairte i Nua-Eabhrac, bí cinnte agus bualadh isteach i Músaem/Iarsmalann Nua-Ealaíne na cathrach.
- Cén mhaith ball troscáin chomh galánta leis a bheith i gcoirnéal/cúinne dorcha den seomra?
- Meas tú an bhfuil sé cruálach, ainmhithe a choinneáil faoi ghlas i zú/gairdín na n-ainmhithe?
- Nach bhfuil sé in am reifreann a ghairm chun dlíthe blaisféime/diamhaslú na hÉireann a leasú?
Féach na nótaí diagnóise anseo.
Tá Antain Mac Lochlainn ina eagarthóir ar an suíomh áiseanna Gaeilge www.aistear.ie.