An bhfuil Galar na Glan-Ghaeilge ortsa?

(Nótaí diagnóise)

Dracula cartún2

1. Má roghnaigh tú ‘saghas’.

Seans nár thaitin ‘sórt’ leat toisc gur ón Bhéarla sort a tháinig sé chugainn. B’fhéidir go mbeadh iontas ort a fháil amach gur iasacht ón teanga chéanna is ea ‘saghas’. Ligfidh mé don Ollamh Dáithí Ó hUaithne an scéal a mhíniú:

Many of the words borrowed [ón Bhéarla] are so thoroughly acclimatised that it is hard to recognise them as English at all… ‘saghas ‘sort, kind’ comes from size, but has changed its meaning. (The Irish Language: 27)

2. Má roghnaigh tú ‘rince’.

Is dócha gur ón Bhéarla, nó ó Fhraincis na Normannach, a fuarthas ‘damhsa’, ach ní fhágann sin ‘rince’ a dhath níos Gaelaí. Tháinig sé ón tSean-Fhraincis renc: ‘líne’ nó ‘sraith’.

3. Má roghnaigh tú ‘iarsmalann’.

Ní oireann ‘iarsma’ go rómhaith don ‘nua-ealaín’.

4. Má roghnaigh tú ‘cúinne’.

D’fhéadfaí a mhaíomh go bhfuil difear céille idir ‘coirnéal’ agus ‘cúinne’ – ar an taobh amuigh a bhíonn ‘coirnéal’ (ag coirnéal an tí), ar an taobh istigh a bhíonn ‘cúinne’ (i gcúinne den seomra). Cibé faoi sin, úsáidtear an dá fhocal faoi mar is ionann ciall dóibh inniu. Má dhiúltaigh tú do ‘coirnéal’ toisc é a bheith cosúil le corner an Bhéarla, bíodh a fhios agat gur ón Fhraincis cuing> coing> coin a tháinig ‘cúinne’.

5. Má roghnaigh tú ‘gairdín na n-ainmhithe’.

Ón tSean-Fhraincis gardin agus ón Laidin animal a fuarthas an dá fhocal. Má dhiúltaigh tú do ‘zú’ ar an ábhar nach bhfuil z dúchasach don Ghaeilge, cad é a dhéanfá le zoology agus zoologist? Is lán béil do dhuine ar bith ‘gairdín-na-n-ainmhitheolaíocht’.

6. Má roghnaigh tú ‘diamhaslú’.

Focal breá ach ní mór smaoineamh ar an chomhthéacs. Dá ndéarfainn gur bocamadáin a bhí in Óidín, Bál nó Óisíris, is amhlaidh a bheadh diamhaslú déanta agam ach ní dócha go gcuirfí ‘blaisféim’ i mo leith, ó tharla nach bhfuil mórán de lucht leanúna ag na déithe sin níos mó. Smaoinigh fosta ar an úsáid mheafarach. Thug Eoghan Ó Tuairisc ‘blaisféim’ ar an scrios a rinne buama núicléach ar chathair Hiroshima. An n-oirfeadh ‘diamhaslú’ don chomhthéacs sin?


Má roghnaigh tú 1–2 de na focail thuas: ní gá duit imní a bheith ort. Seans gur rogha aeistéitiúil nó rogha de réir canúna a rinne tú seachas rogha idé-eolaíochta. Is leaganacha deasa iad ‘gairdín na n-ainmhithe’ agus ‘diamhaslú’ sa chomhthéacs cheart. Coinnigh súil air, mar sin féin.

Má roghnaigh tú 3–4 de na focail thuas: tá iarracht den iasachtfóibe ort gan aon amhras. Molaim réim chuí léitheoireachta (téacsleabhair scoile) agus staonadh ó fhóraim ar líne.

Má roghnaigh tú 5–6 de na focail thuas: tá an chuma air go bhfuil dian-iasachtfóibe ort ach b’fhiú duit an dara diagnóis (nó ‘fáthmheas’) a fháil ó dhochtúir (nó ‘lia’). 

Fág freagra ar 'An bhfuil Galar na Glan-Ghaeilge ortsa?'

  • Darragh Ó Caoimh

    Tagann neart focal ó theangacha eile. Ach toisc roinnt focail a bheith níos sean-bhunaithí ná focail eile , is fearr liom iad a úsáid.Dar liom go bhfuil “rince” níos fearr agus níos gaelaí.Táim ag ceapadh go bhfuil sé in úsáid níos faide agus , dá bhrí sin, níos fearr.

    Cuireann úsáid an focal “referméisean” go mór isteach orm . Tá an téarma “Athrú Creidimh” (tá sé le fáil sa leabhar “Stair na hEorpa”) i bhfad Éireann níos fearr. Focal áiféiseach is ea “reifearméisean” i mo thuairim. Má fhágann sé sin gur iasacht-fóib mé, táim lán-sásta go dtabharfadh daoine é sin orm.

  • Gary Jones

    Bhain mé an-spórt as an alt seo……(gan trácht ar an méad mór a d’fhoghlaim mé freisin!) Maith sibh go léir!

  • Charline de Faoite

    Bhuel tá focail cosúil le Diamhaslú agus Iarsmalann i bhfad níos oiriúnaí! Agus níl damhsa leath chomh deas is atá rince. Agus cé a deireann coirnéal? Níl sé cloiste agam riamh cibé rud faoi ‘rogha’. Is focal amaideach é.

    • Kevin Hickey

      ‘Cé a deireann coirnéal?’

      Pobal Gaeltachta Chonamara agus brí dhifriúil leis acu le hais mar a bheadh le ‘cúinne’, mar a tugadh le tuiscint sna nótaí diagnóise.

  • Caint na Mumhain

    A Antain ní mór duit ábhairín a léamh fén Eabhrais agus athbheochan na teanga san i dtús an chéid so caite, nó geall leis. Bhí ana chuid focal in easanamh acu agus dhiúltaigh roinnt dosna múinteoirí/Eabhraiseoirí móra cloí le focail óna dteanga dhúchais .i. An Rúisis. Um an dtaca go raibh scoileanna i dTel Aviv agus glúin óg a tógadh leis an dteanga iontu, tugadh fé ndeara go raibh stór focal difrúil cheana ages na páistí ná mar a bhí ages na teagascóirí. Deirtear gurb é an chéad nath cainte a bhí ag leanbh go raibh tuistí aige ag iarraidh an teanga a chothú ann ná ‘Ná buail mamaí!” mar go raibh an mháthair ag suantraíocht don bpáiste i Rúisis in aineoinn thoil an athar!