An gá tástáil fola a dhéanamh ar imreoirí CLG?

Tá cúrsaí sláinte, sábháilteachta agus tástála i gcluichí CLG go mór i mbéal an phobail agus is gá oideachas a chur ar dhaoine fúthu

Vigorelli-velodrome-Milan-Italy-antidoping-room

Tá bliain nua amach romhainn agus rúin na hAthbhliana go léir fógartha agus cuid acu briste cheana féin.

Tá cuid mhaith cainte déanta agus pleananna curtha i dtoll a chéile chomh maith ag foirne bainistíochta na hiomána ag gach leibhéal. Tá an séasúr nua buailte linn agus tús curtha cheana féin ar pháirc na himeartha ag roinnt foirne idirchontae. Níl cúrsaí éirithe chomh tromchúiseach sin fós, áfach.

Roimh an Nollaig, bhí cúrsaí sláinte, sábháilteachta agus tástála CLG go mór sa nuacht agus fógra tugtha faoi thástáil fola do na himreoirí idirchontae. Dar ndóigh, tá tástáil fuail á déanamh rialta go leor le beagnach cúig bliana déag anuas, agus, cé go mbíonn corrghearán faoi, glacann na himreoirí leis.

Is céim eile fós an tástáil fola, áfach, agus ní róshásta a bhí cuid de na himreoirí agus iad ag caint mar gheall air sna meáin.

An bhfuil gá leis? Bhuel, i láthair na huaire, ní dóigh liom go bhfuil imreoirí ag úsáid aon ní mídhleathach a thabharfadh buntáiste dóibh, ach ní bhíonn in aon ní ach seal agus is dócha go bhfuil CLG ag iarraidh a chinntiú nach dtiocfadh ann go deo do ‘chultúr na ndrugaí’.

Tá sé ráite acu gur ar mhaithe le macántacht agus dínit na gcluichí atá siad á dhéanamh.

Tá na himreoirí féin ag rá nach cluichí proifisiúnta atá á n-imirt acu gus nach bhfuil gá leis an tástáil seo.

Ach caithfidh go bhfuil Cumann na nImreoirí (an GPA) sásta leis na treoirlínte nua seo ó tharla gur faoi scáth CLG anois iad agus ról acu i gcainteanna ar bith a bhaineann le leas na n-imreoirí.

Pé scéal é, tá an cinneadh déanta agus cuirfear i bhfeidhm i mbliana é. An sprioc atá anois ag CLG ná eolas faoin tástáil a sholáthar do na himreoirí agus na bainisteoirí agus oideachas a chur orthu i dtaobh na tástála.

Mar chuid den chaint seo faoi chúrsaí sábháilteachta agus sláinte, beidh gá le heolas a chur ar fáil freisin faoi fhadhb an chomhtholgtha.

Tá cuid mhaith feicthe againn den fhadhb seo i gcúrsaí rugbaí le cúpla bliain anuas agus dul chun cinn suntasach déanta ag lucht riaracháin an spóirt sin chun dul i ngleic leis an bhfadhb.

Dar ndóigh, níl cluichí CLG chomh fisiciúil leis an rugbaí, ach tarlaíonn gortuithe cinn ó am go chéile agus tá sé thar a bheith tábhachtach treoirlínte a bheith ann chun déileáil leis an scéal seo i gceart.

Maidir leis an tástáil fola, caithfidh treoirlínte soiléire a bheith ann chomh maith, agus, níos tábhachtaí ná sin, caithfear cloí leis na rialacha nua. 

Caithfidh CLG a bheith cinnte de go dtuigeann daoine i ngach club sa tír cad é atá i gceist agus ní mór a chinntiú go gcloítear leis an dea-chleachtais i gcónaí.

Beidh sé níos fusa é sin a dhéanamh ag an leibhéal idirchontae, mar, de ghnáth, bíonn lucht leighis ar an láthair i gcónaí, rud nach mbíonn agus an fhoireann sóisear B ag imirt. 

Amach ó chúrsaí tástála agus sláinte, beidh cluichí á n-imirt arís sa drochaimsir ag an deireadh seachtaine agus sinn go léir ag súil leis na cluichí sraithe nach bhfuil i bhfad uainn anois.

Fág freagra ar 'An gá tástáil fola a dhéanamh ar imreoirí CLG?'