An bhfuil Daingean Uí Chúis á thachtadh ag trácht turasóireachta?

Is léir go bhfuil gá le breis spásanna páirceála i lár a’ bhaile agus ba mhaith an rud é, leis, go mbeadh an seachbhóthar timpeall an Daingin críochnaithe

TráchtAAA2

Is féidir a rá go neamhbhalbh go bhfuil Corca Dhuibhne ar fad agus Daingean Uí Chúis ach go háirithe, faoi chomaoin mhór ag tionscal na turasóireachta. Go deimhin, is amhlaidh atá le blianta fada agus tá An Daingean anois ar cheann de na príomhspriocanna sa tír a mheallann turasóirí ó chéin is ó chóngar. Deirtear go dtagann timpeall is milliún cuairteoir isteach ‘on Daingean gach bliain. B’fhéidir gur figiúr coimeádach é sin faoin tráth seo.

Do bheadh sé deacair teacht ar aon duine de mhuintir na háite a gheobhadh locht ar an tionscal sin ach féach go bhfuil siad ann atá gearánach ar an tranglam tráchta a bhíonn coitianta sa Daingean i rith bhiaiste an tsamhraidh.

“Bíonn an-leisce orm agus ar mhórán nach mé, dul isteach ag siopadóireacht ’on Daingean i gcorp an lae, mar go dtéann sé an-dheacair orm mo mhótar a pháirceáil i ngaobhar d’aon siopa a mbíonn gnó agam ann mar go mbíonn na spásanna páirceála ar fad tógtha ag stróinséirí. Bíonn orm cuid mhaith bia a cheannach sa samhradh mar go mbíonn lucht na gcoláistí samhraidh agam.

“Is minic a bhíonn orm mo chuid siopadóireachta a dhéanamh déanach tráthnóna nó luath ar maidin, chun go mbeinn cinnte go mbeadh spás páirceála agam in aice leis na siopaí. Bíonn sé an-deas sa gheimhreadh mar bíonn tarraingt ar spás ansin againn,” dar le bean tí amháin.

Is cinnte go bhfuil rath na raithní ar fad ar thionscal na turasóireachta sa Daingean anois agus triall na ndaoine ar mhórán féilte agus imeachtaí eile a bhíonn ar bun ann.

I dtús na bliana seo do rinneadh obair chothabhála ar an spás mór páirceála atá in aice le Ceann a’ Ché sa Daingean agus cuireadh níos mó spásanna do bhusanna ar fáil agus géarghá leo. Ach is minic a bhíonn an láthair seo lán go barr le busanna agus gluaisteáin an aimsir seo.

Is léir go bhfuil gá le breis spásanna páirceála i lár a’ bhaile. Ba mhaith an rud é, leis, go mbeadh an seachbhóthar timpeall an Daingin críochnaithe mar go bhfuiltear ag obair air le blianta agus a fhormhór réitithe anois ach amháin an smut deireanach, laistiar den tSráid Mhór. Nuair a bheidh an bóthar seo críochtaithe tógfaidh sé cuid mhaith den trácht ó lár a bhaile, ach go háirithe an trácht a bhíonn ag dul go hIarthar Duibhneach nó ag teacht as, díreach tríd an mbaile go Trá Lí nó Cill Airne nó a bhíonn ag teacht malairt slí go dtí an ceantar laistiar den Daingean.

Táthar ag súil go mbeadh an bóthar seo ar fad críochnaithe faoi cheann bliana nó dhó eile.

Ar ndóigh, tá cuairteoirí á mealladh an aimsir seo ag an seit don scannán ‘Star Wars’ atá nach mór tógtha anois in aice le Ceann Sibéal, in Iarthar Duibhneach. Tá oiread daoine ag teacht chun gliúcaíochta ar an seit seo anois go bhfuil a ndóthain le déanamh ag lucht slándála iad a choimeád amach.

Is cosúil go mbeidh biaiste den scoth turasóireachta i gCorca Dhuibhne arís i mbliana.

Fág freagra ar 'An bhfuil Daingean Uí Chúis á thachtadh ag trácht turasóireachta?'