An bhfuil camchuairt dhomhanda eile ag teastáil chun beocht a chur sa chraobh idirchúige?

Is i gCora Droma Rúis a imreofar cluiche ceannais na craoibhe peile idirchúige tráthnóna, ach níl sé chomh fada sin ó tugadh na cluichí chomh fada le Páras, an Róimh agus fiú Abu Dhabi

An bhfuil camchuairt dhomhanda eile ag teastáil chun beocht a chur sa chraobh idirchúige?

INPHO/Andrew Paton

Imreofar cluiche ceannais an chomórtais peile idirchúige idir Cúige Chonnacht agus Cúige Uladh tráthnóna i gCora Droma Rúisc agus cé gur ceantar álainn atá ann, ar bhruach na Sionainne, mhaithfeá do na himreoirí má cheapann siad go bhfuil cuid Pháidín den mheacan faighte acu ó thaobh láthair na gcluichí ceannais.

Níl ach cúpla bliain ann ó thug CLG na cluichí timpeall na cruinne agus iad sa tóir ar shlua agus ag iarraidh suim an phobail a mhúscailt sna craobhacha idirchúige. Chaithfeá a rá go raibh suáilcí agus duáilcí araon mar thoradh ar a gcuid taistil.

In 2003, imríodh cluiche ceannais iomána sa Róimh, cluiche ar fhreastail beagnach 1,000 duine air, an slua is mó ag na cluichí ceannais le roinnt blianta. Ba léir gur cheap CLG go raibh réiteach faighte acu ar mhórfhadhb an chomórtais mar, an bhliain dár gcionn, is chuig an mhór-roinn a chuaigh siad arís. I bPáras a imríodh na cluichí in 2004. Faraor, lá fliuch i mí na Samhna, ní raibh ach 400 duine i Stade Yves du Manoir chun féachaint ar pheileadóirí Chúige Uladh agus iad ag fáil an ceann is fearr ar Chúige Laighean.

Agus iad tréigthe ag na hEorpaigh, chinn CLG an comórtas a thabhairt trasna an Atlantaigh in 2005 agus níor fhág Gaeil Mheiriceá ar an dtrá fholamh iad. Is i mBostún a imríodh an cluiche ceannais iomána agus bhí 3,000 duine i láthair nuair a fuair Cúige Mumhan an ceann is fearr ar Chúige Laighean.

D’fhan na comórtais in Éirinn ar feadh cúpla bliain ina dhiaidh sin. In 2009, agus urraíocht Etihad ar Chraobh Iomána na hÉireann ina spreagadh acu, d’fhógair CLG go n-imreofaí an chluiche ceannais iomána idirchúige in Abu Dhabi.

Cé nach gceapfá go mbeadh an oiread sin báireoirí sa Mheánoirthear, d’fhreastail 1,500 duine ar an gcluiche, agus cuid mhaith Éireannach, a d’fhág an tír le linn an chúlaithe eacnamaíochta, ina measc.

Imríodh cluiche ceannais na peile i gcathair eile ina raibh na mílte imirceach ón tír seo ann – Londain. Ní raibh ach 1,000 duine i láthair i Ruislip mí na Samhna chun bua stairiúil Chúige Uladh a fheiceáil, bua a d’fhág gur ag na hUltaigh is minice a bhí Corn an Bhóthair Iarainn.

Sa mbaile a imríodh na cluichí ón lá sin agus gan ag freastal orthu ach cúpla céad duine fánach. 600 duine a bhí ann nuair a d’imir Cúige Chonnacht agus Cúige Uladh a chéile i gcluiche ceannais 2014.

Seans nár mhiste le himreoirí an lae inniu mura mbeadh i gCora Droma Rúisc ach slua beag.

Dá mba amhlaidh an scéal, b’fhéidir go spreagfadh sé CLG iad a thabhairt ar chamchuairt eile timpeall na cruinne.

Fág freagra ar 'An bhfuil camchuairt dhomhanda eile ag teastáil chun beocht a chur sa chraobh idirchúige?'