An bhfuil an iomad turasóirí ag teacht go Corca Dhuibhne anois?

Agus é molta gur cheart soilse tráchta a chur ar Cheann Sléibhe mar gheall ar thranglam tráchta ar bhóithre an cheantair, tá go leor cainte á déanamh go ciúin go bhfuil an iomad cuairteoirí ag teacht go Corca Dhuibhne

An bhfuil an iomad turasóirí ag teacht go Corca Dhuibhne anois?

Ní mórán a déarfadh é seo go poiblí, ach go háirithe an céatadán mór de phobal Chorca Dhuibhne atá ag brath ar thionscal na turasóireachta. Mar sin féin, tá go leor cainte á déanamh go ciúin agus monabhar i gcúinní go bhfuil an iomad cuairteoirí ag teacht go Corca Dhuibhne anois, go háirithe i gcroílár na biaiste, a bhíonn ar bun go tréan ó thús na Bealtaine go tús Dheireadh Fómhair.

Rud é seo, a ceaptar coitianta, a dhéanfaidh díobháil mhór don tionscal thar a bheith tábhachtach seo sna blianta atá romhainn.

Is cosúil nach ar gcúl atá an bhiaiste ag dul in aon chor agus go mbeidh tuilleadh chugainn ar an leithinis seo sna blianta atá romhainn toisc an phoiblíocht atá fachta ag an leithinis ó dhéanamh an scannáin Star Wars ar na bólaí seo anuraidh. Ní bheidh an scannán ar an margadh go dtí deireadh na bliana, ach tá roinnt poiblíochta á dhéanamh mar gheall air sna meáin cheana féin.

Thráchtamar cheana féin ar an mbrú agus an tranglam tráchta a bhíonn ar shráideanna an Daingin le linn na biaiste. Ach anois, tá roinnt de mhuintir na háite tar éis labhairt amach mar gheall ar an dtrácht trom a ghabhann trí Cheann Sléibhe gach aon samhradh agus an tranglam tráchta a bhíonn san áit fíorálainn seo babhtaí. Is minic a bhíonn scuaine busanna agus feithiclí eile ag gabháil an bhóthair chúng chasta atá i gCeann Sléibhe. Gan dabht stopann a lán den dtrácht ionas go bhféadfar pictiúir a thógaint den radharc álainn seo. Rud a mhoillíonn an trácht.

Ach is í an fhadhb is mó le roinnt blianta ná toirt agus líon na mbusanna a ghabhann an bóthar seo. Déarfadh daoine áirithe anois go bhfuil na busanna seo rómhór chun na cúinní ar fad atá ar an mbóthar a thabhairt leo. Cé go bhfuil tuiscint mhaith i measc tiománaithe busanna agus mionbhusanna gur cheart don dtrácht gabháil in aon bhealach amháin – ó Cheann Trá go Dún Chaoin – agus nár cheart d’aon fheithicil gabháil an treo eile, ach go háirithe le linn na biaiste, tarlaíonn sé ó am go chéile go mbíonn turasóirí dall ar an dtuiscint seo. Ina leithéid de chás, nuair a théann feithicil mhór, ar nós veain campála, i gcoinne na tráchta ní bhíonn na busanna ábalta ar ghabháil tharstu agus bíonn scuaine tráchta ann dá dheasca sin. Is minic a bhíonn tiománaithe i reachtaibh dul i bpíobáin a chéile le conach.

An tseachtain seo féin, táthar tar éis a mholadh ar chláracha ar Raidió na Gaeltachta gur cheart do Chomhairle Contae Chiarraí riail dhaingean a chur i bhfeidhm chun a chur ina luí gaidhte ar chuairteoirí dul timpeall Cheann Sléibhe in aon bhealach amháin.

D’fhéadfaí eisceachtaí a dhéanamh i gcás mhuintir na háite, dar le Feargal Mac Amhlaoibh, ó Dhún Chaoin. Ceaptar go bhfuil a lán céille ag baint leis sin agus go ndéanfadh sé laghdú suntasach ar an mbrú tráchta. Mhol tiománaí amháin, Tadhg Ó Coileáin, ón nDaingean, a thugann cuairteoirí ar sciuirdeanna seandálaíochta timpeall Cheann Sléibhe, gur cheart soilse tráchta a bheith i bhfearas ar an mbóthar seo i rith na biaiste.

Ní mór toil an phobail áitiúil agus toil na Comhairle Contae a bheith leis seo, ar ndóigh, agus caithfear fanacht, is dócha, go gcuirfear aon bheart fónta mar sin i gcrích.

Ceann de na tionscnaimh turasóireachta a bhfuil rath agus fás faoi is ea an chonair turasóireachta a shíneann fud fad chósta an Iarthair, is é sin ‘Slí an Atlantaigh Fhiáin’. Is cinnte go bhfuil breis turasóirí tugtha agus á tabhairt ag an ‘Slí’ go Corca Dhuibhne agus mórán áiteanna eile nach í.

Le déanaí do chuir Fáilte Éireann, atá i mbun na ‘Slí’, painéil eolais dhátheangacha i 30 ball ar fud Chontae Chiarraí, sna háiteanna a raibh ‘pointí grianghrafadóireachta’ nó ‘na crochanna’ mar a thugtar anseo i gCorca Dhuibhne orthu, cheana féin. Tá ceithre cinn de na ‘crochanna’ sin ón bPáirc Gharbh ar thaobh amháin de Cheann Sléibhe go dtí Ionad an Bhlascaoid i nDún Chaoin, ar an dtaobh eile.

Bhí liútar éatar ar na bólaí seo nuair a feistíodh na pointí grianghrafadóireachta seo ar dtús ach, b’fhéidir, go gcuirfeadh na painéil eolais atá curtha taobh leo cuma níos fearr orthu. Caithfear fanacht chun a fháil amach cén tionchar a bheidh acu seo ar rith na tráchta timpeall Cheann Sléibhe.

Rud eile de, níltear róshásta le cuid de na haistriúcháin Ghaeilge atá le fáil ar na painéil eolais seo.