An bhfuil an freasúra rólag le brú a chur ar an Rialtas?

Oirfidh filleadh na Dála do pháirtithe an fhreasúra, más féidir leo leas a bhaint as

An bhfuil an freasúra rólag le brú a chur ar an Rialtas?

Tiocfaidh Dáil Éireann le chéile Dé Céadaoin tar éis saoire an tsamhraidh. Bhí cruinnithe ag coistí éagsúla ó thús na míosa, ach ní thosaíonn an séasúr polaitiúil dáiríre go dtí go dtugann an rialtas agus an freasúra aghaidh ar a chéile sa Dáil.

Ní oireann filleadh na Dála riamh don rialtas. Ó cuireadh an teach ar atráth ar 14 Iúil, is ar chláir raidió agus teilifíse amháin a ceistíodh airí faoi chúrsaí na tíre. Dá fheabhas nó dá laige ceistiú iriseoirí, ní ar bhonn polaitiúil a théann siad i mbun oibre.

Ní bhíonn aire ar bith slán ó bhuairt agus iriseoir á cheistiú, ach baineann contúirt bhreise le ceistiúchán Dála. Tugann gach seisiún Dála iliomad deiseanna don fhreasúra laigí an rialtais a iniúchadh agus a léiriú don phobal. Thar aon rud eile, beidh deis acu trí huaire sa tseachtain as seo go dtí sos na Nollag ábhair a chíoradh de réir sceidil a oireann dóibh féin amháin.

Is í an Cháinaisnéis a fhógróidh an tAire Airgeadais Paschal Donohoe ar 10 Deireadh Fómhair an príomhghnó a bheidh ar chlár na Dála sa ghearrthéarma. Fearacht gach aire airgeadais nua, beidh fonn air beartais gan choinne agus laghdú éigin ar cháin a fhógairt, ach coinneoidh easpa airgid srian ar a dhóchas.

Beidh an freasúra ag díriú arís agus arís eile as seo go dtí an Nollaig ar na fadhbanna atá soiléir do chách, agus ar chumas nó éagumas an rialtais déileáil leo.

– An ghéarchéim tithíochta

– An ghéarchéim sláinte

– An ghéarchéim sa Gharda Síochána

– An ghéarchéim ó thuaidh

  An Breatimeacht agus conas Éire a chosaint ina choinne

– Tionchar dhíluacháil steirling ar easpórtálaithe

– Scéal náireach nó dhó eile, ar a laghad

Níl ach míbhuntáiste amháin ag Fianna Fáil, Sinn Féin, an Lucht Oibre, Dlúthpháirtíocht (Solidarity, a thug People before Profit orthu féin roimhe seo) agus na Daonlathaigh Shóisialta. Is é a locht a méid – cúig pháirtí ar thaobh amháin den Dáil, agus iad go léir ag tarraingt in aghaidh a chéile. Beidh an iomaíocht eatarthu chomh láidir beagnach leis an mbrú a chuirfidh siad ina ndream is ina ndream ar an rialtas.

Dá mbeadh mianach soiléir comhrialtais eatarthu, bheadh a dtionchar ar an rialtas agus ar an léargas polaitiúil i bhfad níos éifeachtaí. Mar atá leagan amach na Dála seo, níl againn ach lagrialtas agus lagfhreasúra, de réir rogha na vótóirí.

An cluiche ceannais polaitiúil

Beidh scata mór Teachtaí Dála i bPáirc an Chrócaigh nuair a shroichfidh an séasúr peile a bhuaicphointe Dé Domhnaigh. Ach is Dáil eisceachtúil í an 32ú Dáil ó thaobh spóirt de.

Níor toghadh iarpheileadóir sinsearach idirchontae ná iar-iománaí sinsearach ar bith in olltoghchán na bliana seo caite. Chaill beirt, Jimmy Deenihan ó Chiarraí agus John O’Mahony ó Mhaigh Eo, a suíocháin san olltoghchán sin.

Faoi láthair, níl bonn cluiche ceannais na hÉireann i ngrád ar bith de chluichí Chumann Lúthchleas Gael ach ag Teachta Dála amháin.

D’imir Martin Ferris ó Shinn Féin ar fhoireann faoi 21 Chiarraí a bhuaigh craobh na hÉireann i 1973 (bhí iarTheachta de chuid Fhine Gael ar fhoireann Mhaigh Eo ar buadh orthu sa chluiche ceannais). Ina dhiaidh sin, ní raibh Ferris ar fáil d’fhoireann shinsir Chiarraí toisc é a bheith gníomhach san IRA.

Tá Maigh Eo agus Baile Átha Cliath ar comhscór má chuirtear foirne peile polaitiúla an dá chontae i gcomparáid. Thogh vótóirí an dá chontae triúr iar-imreoirí araon ó toghadh comhaltaí chun na chéad Dála i 1918: Henry Kenny (athair Enda), Seán Flanagan agus John O’Mahony i Maigh Eo, agus Harry Boland, Des Foley agus Liam Lawlor i mBaile Átha Cliath.

Ní léir don cholún seo ach ábhar beag dóchais amháin do Mhaigh Eo ó thaobh na polaitíochta de. Buadh ar chontae an Taoisigh trí huaire le linn tréimhse Enda Kenny i gceannas, agus bhuaigh na Dubs an chraobh ceithre huaire.

Anois agus Dub i gceannas ar an Rialtas, bheadh áthas ar dhaoine i 31 contae dá mbeadh cóimheá den sórt céanna idir peil agus polaitíocht.

Fág freagra ar 'An bhfuil an freasúra rólag le brú a chur ar an Rialtas?'

  • Mánus

    De facto is cuid de den rialtas páirtí Fhianna Fáil agus níl ach SF cúpla TD neamhspleách agus an eite clé mar fhreasúra.