“An bhfuil aithne agam ar aon duine i dTonga?!’

Bhí mearbhall ar ár gcolúnaí nuair a fuair sí glaoch mistéireach idirnáisiúnta ar maidin

“An bhfuil aithne agam ar aon duine i dTonga?!’

Chaill mé glaoch as Tonga ar maidin. Ní raibh a fhios agam gur as Tonga an glaoch ar dtús, ach níor aithin mé an cód ceantair ar an gcéad radharc is bhí mé ag breathnú air ag iarraidh a dhéanamh amach cén contae in Éirinn a bhí ann nó ar cód soghluaiste nua a bhí ann nach raibh feicthe agam cheana.

Chuimhnigh mé go raibh mé ag caint le duine éicint i gContae Laoise le deireanas, meas tú cén cód ceantair atá acu i bPort Laoise? Bhrúigh mé an uimhir le staidéar níos fearr a dhéanamh uirthi, agus sula raibh a fhios agam céard a bhí á dhéanamh agam, bhí mé ag glaoch ar ais ar mo chara nua i dTonga.

Mura raibh cruthúnas agam roimhe seo, tá sé agam anois, go bhfuil mé imithe isteach sa tréimhse sin de mo shaol ina bhfuil an scríobh mór ag teastáil uaim ar an scáileán, nó spéacláirí don léamh. Go dtí seo is é an córas a bhíodh in úsáid agam ná na súile a chaochadh is an fón a chorraí isteach is amach ar m’aghaidh nó go mbeinn in ann fócasáil. Is dócha go bhfuil mé anois i mo ‘shoulda gone to Specsavers’.

Is ansin a chonaic mé ‘Tonga’ scríofa i litreacha beaga faoin uimhir. Bhuail crith faitís is uafáis mé. Tonga! “An bhfuil aithne agam ar aon duine i dTonga?’

Chuala mé caint ar an taobh eile  “Ó Íosa Críost, céard atá déanta agam?’

Bhrúigh mé an cnaipe dearg is creathadh i mo lámh. Thriail mé cuimhneamh an raibh aon rud cloiste agam riamh faoin gcostas atá ar ghlaonna go Tonga. Dá mba ar an líne talún féin a bheinn ag glaoch b’fhéidir nach mbeinn ródhona, ach ar an bhfón póca?

Bhí caint cloiste agam ar chamscéim ghutháin ina nglaonn uimhir idirnáisiúnta ort, ligeann siad don fhón buille amháin a bhualadh agus crochann siad suas ansin.  Is dócha gurb in a bhí ann.

Camscéim Wangiri a thugtar air scaití, tá an t-ainm bunaithe ar fhrása Seapáinise is cosúil agus an bhrí atá leis ná ’buille amháin agus gearr amach’. Sin é go díreach a tharla dom, chuala mé buille amháin ón bhfón agus stop sé ansin. Pé ar bith cén scabhaitéir i dTonga atá ag glaoch orm.

Is é an uair a fhaigheann siad an t-airgead ná nuair a ghlaonn tú ar ais. Tá haiceál déanta acu sa gcaoi is go bhfuil siad in ann luach an ghlaoigh a ghearradh ar do bhille fóin. Ó bheith ag caint le Vodafone, an chomhairle atá acusan ná gan glaoch ar ais ar uimhreacha idirnáisiúnta nach n-aithníonn tú mura mbíonn tú ag súil le glaoch agus cosc a chur ar an uimhir sin.

Ach scaití ní bheadh a fhios agat an mbeadh duine éicint ar d’aithne ag iarraidh teacht ort agus iad imithe amú i bhfad ó bhaile agus ag iarraidh cúnaimh. Cá bhfios nach ngabhfadh duine ar an eitleán mícheart trí thimpiste, nó ar bhád, is nuair a bhreathnóidís aníos óna leabhar arís go ndéarfaidís, ‘Ó a dhiabhail, tá mé i dTonga!’