‘An bhfuil a fhios agat céard é a h-aon agus a h-aon, a Mhamaí?’

AG TÓGÁIL CLAINNE: Cheap ár gcolúnaí riamh go raibh an mata bunaithe ar choincheapa síoraí na cruinne agus ar fhíricí seasmhacha. Bhí dul amú uirthi…

Blackboard

‘An bhfuil a fhios agat céard é a h-aon agus a h-aon, a Mhamaí?’ a d’fhiafraigh Beainín na Naíonáin Bheaga díom. ‘Tá’s,’ a dúirt mé, agus beagán gaisce agam. Beagáinín an iomarca gaisce, seans, nuair a chuimhním siar air. ‘Má tá’s, abair é,’ a dúirt sí agus í ag tabhairt mo dhúshlán.

Dhírigh mé aniar sa gcathaoir. Tá go leor dearmadta agam ó mo chuid laethanta scoile, ach má tá aon rud de ghlanmheabhair agam is iad mo chuid táblaí é. ‘A h-aon agus h-aon, a dó,’ a dúirt mé. Ceann éasca, an chéad lá sna naíonáin mhóra a d’fhoghlaim mé an ceann sin.

‘Ní hea,’ a dúirt sí.

‘Cén chaoi, ní hea?’ a dúirt mé. Bhí an ceart agam, bhí a fhios agam go raibh. ‘Cuimhnigh air, Mamaí, dhá h-aon le taobh a chéile,’ a dúirt sí agus í ag iarraidh oideachais a chur orm.

‘Ab ea a haon-déag atá i gceist agat?’ a dúirt mé, ní raibh baileach an oiread gaisce agam an uair seo.

‘Ní hea,’ a dúirt sí agus bhraith mé go raibh sí ligthe síos beagán agam.

Ansin dúirt sí rud éicint nach raibh aon súil agam leis. ‘Fuinneog atá ann. Breathnaigh’ agus tharraing sí fuinneog ar an aer lena méar. Ní raibh aon chabhair dom an áis taispeána, áfach. ‘Hea?’ a dúirt mé.

‘Déan dearmad ar chuile shórt a d’fhoghlaim tú,’ a deir tuismitheoirí eile liom faoin matamaitic, ‘níl sé aon chaoi cosúil leis an rud a rinne muide ar scoil.’ Cheap mé riamh go raibh an mata bunaithe ar choincheapanna síoraí na cruinne agus ar fhíricí seasmhacha. Cén athrú mór a d’fhéadfadh a bheith air?

Lean sí uirthi leis an rang mata. ‘Céard é a h-aon, agus a h-aon, agus a h-aon agus… [lean sé seo ar aghaidh ar feadh píosa]?’ a d’fhiafraigh sí.

‘Céard?’ a dúirt mé agus mearbhall orm. ‘Sé cinn de h-aonannaí – cuimhnigh air ar feadh soicind, Mamaí,’ a dúirt sí i nglór réidh foighdeach.  

Cén freagra a thabharfainn? An raibh siad curtha le chéile, bainte óna chéile, os cionn a chéile, mór le chéile, in achrann lena chéile? Bhí mé i dtír aineoil.  

‘Sé cinn de h-aonannaí, tá sé sin cothrom le sé,’ a dúirt mé agus creathán i mo ghlór. ‘Níl,’ a dúirt sí. ‘Céard é fhéin, mar sin?’ a dúirt mé agus chuile shórt a chreid mé roimhe seo a bheith buan á cheistiú agam.

‘Ceilpeadán,’ a dúirt sí. ‘An bhfuil tú cinnte?’ a d’fhiafraigh mé di. ‘Tá,’ a dúirt sí.

Fág freagra ar '‘An bhfuil a fhios agat céard é a h-aon agus a h-aon, a Mhamaí?’'