An bhféadfadh go bhfuil sos an tsamhraidh linn? Cheana féin?

AG TÓGÁIL CLAINNE: Tháinig an scéal go raibh an naíonra le dúnadh don samhradh aniar aduaidh ar ár gcolúnaí

holding hand

Cheap mé go raibh níos mó ama agam. ‘Ní bheidh aon naíonra ann Dé Satharn, ná Dé Domhnaigh,’ a dúirt sí agus muid suite ag an mbord um dinnéir. ‘Go díreach é,’ a dúirt mé ganach leathaird agam ar an gcOmhrá, an leath eile de m’aird dírithe ar bhac a chur le hiarrachtaí an pháiste léim bungee a dhéanamh amach as an gcathaoir ard.

‘Ná Dé Luan, ná Dé Máirt, ná go deo arís,’ a dúirt sí; ‘beidh muid le chéile chuile soicind, chuile shoicind beo!’

Bhí mé díreach lena ceartú agus a insint di go mbeadh an naíonra aici arís ar an Luan ach ansin chuimhnigh mé orm fhéin. Stop mé go tobann agus rith mé suas chuig an bhféilire atá crochta ag doras chúl an tí. Ní fhéadfadh gurb ea. An bhféadfadh go bhfuil sos an tsamhraidh linn? Cheana féin? D’fhéadfadh agus tá.

Ní hé nach raibh a fhios agam go raibh an naíonra le dúnadh don samhradh. Agus ní hé nach raibh a fhios agam go ndúnfaidís ag deireadh mhí an Mheithimh. Ach fós fhéin, tháinig sé aniar aduaidh orm ar an Déardaoin seo caite nuair a thuig mé go raibh an naíonra le dúnadh lá arna mhárach. Bhí an bhliain déanta.

Tugadh cuireadh isteach sa scoil do thuismitheoirí nua an lá cheana agus fuair na gasúir deis uair a’ chloig a dhéanamh sa rang a bheidh siad ann sa bhfómhar. Bhailigh mé í ag an naíonra is rinne muid ar an seomra nua.

De réir mar a shiúil muid níos giorra don seomra, mhéadaigh an gleo. Tháinig muid ag doras an tseomra is bhreathnaigh isteach. Bhí sé lán le páistí, tuismitheoirí, múinteoirí agus gach duine ag caint ag an am céanna. D’airigh mé a lámh bheag ag breith greim daingin ar choirneál mo ghúna.

Shiúil muid isteach agus d’aimsigh spota in aghaidh an bhalla. Bhreathnaigh sí orm agus níor dhúirt sí tada ach rinne iarracht ar mhiongháire. Rinne mé fhéin an rud céanna. Níor labhair ceachtar againn ar feadh píosa fada.

Ansin dhírigh sí agus chuimil na deora di agus bhreith barróg orm. ‘Imigh anois, a Mhamaí,’ a dúirt sí os íseal. Shiúil sí anonn chuig ceann de na boird, áit ag a raibh gasúir eile ag spraoi freisin is ag socrú isteach san áit nua.

Cheap mé go raibh níos mó ama agam, ach bhí sé in am agam imeacht.

Fág freagra ar 'An bhféadfadh go bhfuil sos an tsamhraidh linn? Cheana féin?'