An bhfágfaidh riail nua ‘a mharc’ ar an bpeil? An chéad deireadh seachtaine de shéasúr nua CLG…

Idir an marc agus post nua Davy Fitzgerald, breathnaíonn Tuairisc.ie ar na scéalta suimiúla na gcluichí a imreofar an chéad deireadh seachtaine de shéasúr nua CLG

An bhfágfaidh riail nua ‘a mharc’ ar an bpeil? An chéad deireadh seachtaine de shéasúr nua CLG…

Cuirfear tús ceart le séasúr CLG an deireadh seachtaine seo agus foirne idirchontae ar fud na tíre ag dul chun páirce den chéad uair in 2017. Chun go mbeadh ábhar cainte ag an lucht leanúna dílis a bheidh ag seasamh sa bhfuacht tráthnóna, seo cúpla rud ar cheart súil a choinneáil orthu an deireadh seachtaine seo.

Réalta Dhún na nGall chun an contae a thréigean tráthnóna

Imreoir Dhún na nGall, Ryan McHugh. INPHO/Donall Farmer

Nuair a thabharfaidh Dún na nGall aghaidh ar Ollscoil Uladh ar an Domhnach, beidh níos mó taithí ag na mic léinn ar an bpeil shinsir ná a bheidh ag fir Thír Chonaill. Amhail bainisteoir Chiarraí, tá an cinneadh déanta ag Rory Gallagher sos a thabhairt dá chuid imreoirí agus, mar sin, is í an fhoireann Faoi 21, faoi cheannas Declan Bonner, a bheidh ag dul chun páirce i gCorn Mhic Cionnaith.

Cé nach mbeidh imreoirí Rory Gallagher ag caitheamh geansaí an chontae, ní hin le rá go mbeidh siad uile ag tógáil sosa. Beidh triúir a d’imir d’fhoireann shinsir Dhún na nGall sa chraobh anuraidh, Ryan McHugh, Eoin McHugh agus Patrick McBrearty, ar fhoireann Ollscoil Uladh tráthnóna.

Beidh McBrearty ag imirt i gcoinne a chontae dúchais, ach ní bheidh sé ag imirt in aghaidh duine dá theaghlach féin an turas seo, toisc a dheartháir Stephen, atá ar fhoireann faoi 21 Dhún na nGall, a bheith gortaithe.

Davy Fitz ar ais sa bhearna bhaoil arís

Bainisteoir nua Loch Garman, Davy Fitzgerald. INPHO/Ryan Byrne

Tar éis dó dul faoin scian chun leigheas a fháil ar an bhfadhb croí atá aige i rith an tsamhraidh, thuigfeá do Davy Fitzgerald dá dteastódh uaidh a scíth a ligean tar éis dó an Clár a fhágáil ag deireadh mhí Mheán Fómhair. Ach is beag seans go ligfeadh an dúrúch a bhíonn ar Fitzgerald dó é sin a dhéanamh agus ceapadh an t-iarchúl báire ina bhainisteoir ar fhoireann Loch Garman beagán le cois coicíse tar éis dó an Clár a fhágáil.

Tabharfaidh Loch Garman aghaidh ar An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath i gCorn an Bhreathnaigh tráthnóna agus Fitzgerald i gceannas orthu den chéad uair. Tá cosúlachtaí idir Loch Garman agus foireann an Chláir ar ghlac Fitzgerald ceannas orthu ag deireadh 2011. Amhail na Cláirínigh sin, is ar ghlúin nua imreoirí atá Loch Garman ag brath, na hógánaigh a raibh rath orthu faoi aois is fúthu a bheidh sé an contae a chur ar ais i measc bhoic móra na hiomána.

Hennelly agus fir nua Mhaigh Eo ag iarraidh dul i gcion ar Rochford

Cúl báire Mhaigh Eo, Rob Hennelly. INPHO/Ryan Byrne

Níl aon amhras ach go mbeidh cúl báire Mhaigh Eo Rob Hennelly ag iarraidh cúiteamh a dhéanamh as an taispeántais tubaisteach a thug sé uaidh in athimirt chluiche ceannais na hÉireann mí Dheireadh Fómhair seo caite, agus tabharfar deis dó amhlaidh a dhéanamh tráthnóna i gcluiche in aghaidh OÉ Gaillimh.

Is é Hennelly an t-aon imreoir a thosaigh an athimirt sin trí mhí ó shin a bheidh ar fáil do Mhaigh Eo inniu agus slua acu imithe chun na hAfraice Theas ar saoire.

Dá bharr sin, beidh seans ag Stephen Rochford súil a chaitheamh ar roinnt imreoirí nua, cuid de na fir a bhuaigh Craobh Faoi 21 na hÉireann anuraidh, Fergal Boland, David Kenny, Michael Plunkett agus Liam Irwin, ina measc. Chomh maith leo sin, gach seans go gcuirfear roinnt d’imreoirí Mhistéalaigh Chaisleán an Bharraigh chun páirce i rith an chomórtais. Tá craobh an chontae buaite trí huaire le ceithre bliana anuas ag leithéidí Rory Byrne, Donie Newcombe agus Neil Douglas agus an deis acu anois an beart a dhéanamh le foireann an chontae.

An bhfágfaidh an riail nua marc ar an imirt?

Bryan Sheehan ag breith ar an liathróid. INPHO/Cathal Noonan

Tabharfaidh cluichí peile an deireadh seachtaine seo deis do phobal na peile timpeall na tíre súil a chaitheamh ar an marc, a tháinig i bhfeidhm ag tús na bliana. Faoin riail nua, bronnfar cic saor ar aon imreoir a bheireann ar chic amach taobh amuigh den líne 45m.

Ar ndóigh, is iarracht atá ann ag CLG an ghabháil san aer a spreagadh ach tá amhras faoin tionchar a bheidh ag an riail nua, go háirithe mar gur beag cic amach a théann níos faide ná an líne 45m na laethanta seo.

Cuireadh an riail i bhfeidhm i gcluiche cheana féin in 2017, an cluiche idir foireann shinsir Bhaile Átha Cliath agus foireann déanta de na himreoirí club is fearr sa chontae. Ba é Ryan Deegan, a bhí ag imirt do Dubs Stars, an chéad imreoir a ghlac marc ach dúirt iar-imreoir Bhaile Átha Cliath, Tomás Quinn, nár cheap sé go mbeadh mórán tionchair ag an riail nua ar an spórt.

Fág freagra ar 'An bhfágfaidh riail nua ‘a mharc’ ar an bpeil? An chéad deireadh seachtaine de shéasúr nua CLG…'