An bealach chuig Áirse Mhór Phollaide blocáilte arís agus aighneas go fóill ann faoi chead an bhealaigh

Cuireadh clocha sa gheata ar an mbóithrín a théann suas chuig an Áirse agus cuireadh cóin agus comharthaíocht nua suas san áit le tabhairt le fios gur talamh príobháideach atá ann agus go bhfuil cosc ar pháirceáil ann

An bealach chuig Áirse Mhór Phollaide blocáilte arís agus aighneas go fóill ann faoi chead an bhealaigh

Níl réiteach go fóill ar an aighneas faoi chead an bhealaigh go hÁirse Mhór Phollaide i bhFánaid i nGaeltacht Thír Chonaill, ainneoin dóchas a bheith ag muintir na háite ag an deireadh seachtaine go dtiocfaí ar aontú ar an gceist.

Tá an t-aighneas ar bun os cionn seachtaine anois. Cuireadh clocha sa gheata ar an mbóithrín a théann suas chuig an Áirse agus cuireadh cóin agus comharthaíocht nua suas san áit le tabhairt le fios gur talamh príobháideach atá ann agus go bhfuil cosc ar pháirceáil ann.

Bhí agóid ar siúl Dé Sathairn ina raibh 50 duine páirteach agus cead an bhealaigh á éileamh acu. Tógadh na clocha ón ngeata casta i gcaitheamh an deireadh seachtaine ach ní fios cé a thóg iad. Tá na clocha curtha ar ais sa gheata anois agus ar an mbealach suas chuig an Áirse.

Tá comharthaí breise crochta san áit anois freisin a thugann le fios nach bhfuil na daoine ar leo an talamh freagrach as aon rud a tharlaíonn do dhuine ar bith a shiúlfadh ar an talamh gan cead.

Tuairiscíodh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inné go bhfuil tairiscint déanta ag an Teachta Dála Pat ‘The Cope’ Ó Gallchóir go bhfeidhmeodh seisean mar idirghabhálaí leis an aighneas a réiteach agus go gcasfadh sé le muintir na háite agus leis na húinéirí talún leis an scéala a shocrú.

Bhí bunadh an cheantair ag maíomh cead an bhealaigh a chuaigh siar na glúnta agus dúradh go raibh an cosc seo ag cur as don turasóireacht i gceantar Fhánada. Bhíodh sé de nós, mar shampla, ag cuairteoirí a théadh go Teach Solais Fhánada an tsiúlóid trí chiliméadar a dhéanamh chuig an Áirse.

Tá na daoine ar leo an talamh atá i gceist ina gcónaí i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus tá ráite cheana féin acu nach maith leo go mbíonn daoine ag siúl ar an talamh le dul chuig an Áirse.

Fág freagra ar 'An bealach chuig Áirse Mhór Phollaide blocáilte arís agus aighneas go fóill ann faoi chead an bhealaigh'