An Béal Bocht@75: Bhí sé óg nuair a rugadh é, gan fiú amháin lá féin slán aige!

Cothrom an lae seo 75 bliain ó shin, ar an 3 Nollaig 1941, d’fhoilsigh an Press Náisiúnta ‘An Béal Bocht’ le Myles na gCopaleen. Díoladh amach laistigh de shé sheachtain é. Tá daoine fós faoi gheasa agus ag gáire aige, ina measc Brian Ó Conchubhair agus Siún Ní Dhuinn..

An Béal Bocht@75: Bhí sé óg nuair a rugadh é, gan fiú amháin lá féin slán aige!

Myles na Gcap Briain Ó Nolan

Brian Ó Conchubhair

Is é  An Béal Bocht an léargas is fearr agus is beoga dá bhfuil againn— in ainneoin gur foilsíodh an leabhar 75 bliain ó shin – ar na laigí agus ar an dul thar fóir soineanta a bhaineann le gluaiseacht chultúrtha ar bith, cé go mbaineann sé go sonrach le gluaiseacht an ghaelachais, leis an náisiúnachas cultúrtha agus le hAthbheochan na Gaeilge. Tríd an ngreann fíochmhar, tríd an íoróin ghéar, tríd an scigmhagadh agus frithmhagadh agus tríd an áibhéil shamhlaíoch, cruthaíonn an t-úrscéal gearr inléite seo saol áiféiseach bunaithe ar thuairiscí bréige saobha ar shaol agus ar iompar mhuintir an iarthair tráth dá raibh. Bliain tar éis do Sheosamh Mac Grianna gort nua a aimsiú do scríbhneoirí na Gaeilge le Mo Bhealach Féin, d’fhéach an Nuallánach leis an mbonn a bhaint den bhréag-íomhá agus den mhíthuiscint a bhain le hidéal na Gaeltachta agus aisling an iarthair. Beart ceartaitheach ab ea an leabhar seo a thug faoi dhíocas na ndíograiseoirí.

Ach an bhfuil feidhm faoi leith nó tábhacht ar leith leis an leabhar mar shaothar seachas a thábhacht stairiúil, a thábhacht i dtéarmaí na ndírbheathaisnéisí Gaeilge, agus a thábhacht i dtéarmaí An tOileánach?

Tá.

An Béal Bocht fós ábhartha – agus go deimhin riachtanach – do phobal agus do léitheoirí an lae inniu ar an gcúis go léirítear ann an baol mór a bhaineann le ceadú do mhionlach ar bith labhairt thar ceann pobal ar bith. Léirítear ann an baol a bhaineann le mionlach ag leagadh síos treoracha agus rialacha cultúrtha gan sainiúlacht ná indibhidiúlacht an duine aonair a chur san áireamh. Más é cúram an iriseora na huafáis a aimsiú agus a fhoilsiú dúinn, is é an t-aorthóir a thugann orainn aghaidh a thabhairt ar na botúin, ar na peacaí agus na héagóracha a dhéanaimid féin. Déantar sin agus a thuilleadh in An Béal Bocht. Tá – agus beidh – An Béal Bocht ábhartha ar an gcúis go bhfuil an t-idéalú den Ghaeltacht mar áit shamhailteach agus den Ghaeilge mar ‘an fhíortheanga’ fós ar bun agus fós á cheartú. Beidh An Béal Bocht ábhartha a fhad is a bheidh bolscaireacht ar son na Gaeilge, (nó teanga ar bith) agus ar son na Gaeltachta (nó ceantar cultúrtha faoi leith) á déanamh ag dream ar bith a ligeann don chroí an ceann is fearr a fháil ar an intinn, nó dream ar bith a mbíonn cur chuige forordaitheach ó thaobh an chultúir acu, seachas cur chuige a eascraíonn as an bpobal féin.

Myles na Gcap Briain Ó Nolan

Siún Ní Dhuinn

Ba é An Béal Bocht a thug an chéad spléachadh ceart dom ar litríocht na Nua-Ghaeilge san Ollscoil. Go dtí sin, ní raibh agam ach dearcadh déthoiseach ar a raibh ar fáil don té a chuir spéis i saibhreas na litríochta Gaeilge.

Idir théacsaí stairiúla, acadúla agus leabhair d’fhoghlaimeoirí, shíl mé go raibh easnamh éigin ann sna téacsaí a bhí léite agam ach níorbh fhéidir liom mo mhéar a leagan ar an rud ar iarraidh. D’aithin mé an rud a bhí in easnamh ar an bpointe i ngreann géar An Béal Bocht a thug faoi na leabhair chéanna a bhí á léamh agam ag an am, gan trácht ar an dream sin a bhí timpeall orm arbh ‘fhíor-ghaeil’ iad.

an beal boct

Bhain mé an oiread sin taitneamh as an leabhar gur chinn mé tuilleadh taighde a dhéanamh ar an scríbhneoir iontach seo agus shocraigh mé miontráchtas a scríobh ar cholúnaíocht Uí Nualláin san Irish Times. Tá páipéir acadúla tugtha agam ag dhá cheann de chomhdhálacha idirnáisiúnta ar Ó Nualláin ó shin agus éiríonn leis na comhdhálacha sin léamh comhaimseartha, nuálaíoch a thabhairt ar a chuid scríbhneoireachta gan an rógaireacht a bhí go smior ina cholúin agus in An Béal Bocht a fhágáil ar lár.

Is é an cineál leabhair é An Béal Bocht ar féidir é a phiocadh suas, aon chaibidil a oscailt agus tosú á léamh. Fillim air ar uairibh agus tá sé chomh greannmhar anois agus a bhí riamh, go háirithe do mo leithéidse a bhíonn ag plé le ‘Gaeilgeoirí’ gach lá!

An Béal Bocht…

Myles na Gcap Briain Ó Nolan

I lár na hoíche sin is ea a rugadh mise i dtóin an tí. Ní raibh aon choinne ag m’athair liom óir duine cneasta é, agus ní go róchruinn a thuig sé cúrsaí an tsaoil.

Myles na Gcap Briain Ó Nolan

Nee doy lum goh wwill an fukal sin ‘meath’ eg un Ahur Padur,’ arsa an Gaeilgeoir go cneasta.

Myles na Gcap Briain Ó Nolan

Bhí daoine uaisle le feiceáil anois go minic ar na bóithre, cuid acu óg is cuid acu aosta, ag cur Gaeilge ciotaí dothuigthe ar na Gaeil bhochta agus ag cur moille orthu agus iad ag dul faoin ngort. Bhí an Béarla gallda go líofa ó dhúchas ag na daoine uaisle seo ach ní chleachtaídís an teanga uasal sin i láthair na nGael, ar eagla, dar liom, go bpiocfadh na Gaeil corrfhocal di suas mar dhíon ar dheacrachtaí an tsaoil.

Myles na Gcap Briain Ó Nolan

‘A ghaela,’ a dúirt sé, ‘cuireann sé gliondar ar mo chroí Gaelach a bheith anseo inniu ag caint Gaeilge libhse ar an bhfeis Ghaelach seo i lár na Gaeltachta. Ní miste dom a rá gur Gael mise. Táim Gaelach ó mo bhaithis go bonn mo choise – Gaelach thoir, thiar, thuas agus thíos. Tá sibhse go léir fíor-Ghaelach mar an gcéanna. Gaeil Ghaelacha de shliocht Ghaelach is ea an t-iomlán againn. An té atá Gaelach, beidh sé Gaelach feasta. Níor labhair mise, ach a oiread libh féin, aon fhocal ach Gaeilge ón lá a rugadh mé agus, rud eile, is faoin nGaeilge féin a bhí gach abairt dá ndúras riamh. Má táimid fíor-Ghaelach, ní foláir dúinn a bheith ag plé cheist na Gaeilge agus cheist an Ghaelachais le chéile i gcónaí. Ní haon mhaitheas Gaeilge a bheith againn má bhíonn ár gcomhrá sa teanga sin ar nithe neamh-Ghaelacha. An té a bhíonn ag caint Gaeilge, ach gan a bheith ag plé cheist na teanga, níl sé fíor-Ghaelach ina chroí: ní haon tairbhe don Ghaelachas a leithéid sin mar gur ag magadh faoin nGaeilge a bhíonn sé agus ag tabhairt masla do Ghaelaibh. Níl aon ní ar an domhan chomh deas ná chomh Gaelach le fíor-Ghaeil fíor-Ghaelacha a bhíonn ag caint fíor-Ghaeilge Gaelaí i dtaobh na Gaeilge fíor-Ghaelaí. Fógraím an fheis seo anois ar Gael-oscailt. Suas le Gaeil! Go maire ár nGaeilge slán!

Myles na Gcap Briain Ó Nolan

Thit a lán de na Gaeil i laige le hocras agus le tréan éisteachta, agus fuair fear amháin bás Gaelach i lár an chruinnithe. Sea, bhí lá mór cainte againn i gCorca Dhorcha an lá sin.

Myles na Gcap Briain Ó Nolan

An bhfuilir cinnte,’ arsa mise, ‘gur daoine na Gaeil?’ ‘Tá an t-ainm sin amuigh orthu, a uaislín,’ ar seisean, ‘ach ní fritheadh deimhniú riamh air. Ní capaill ná cearca sinn, ní rónta ná taibhsí, agus ar a shon sin is inchreidte gur daoine sinn; ach níl sa mhéid sin ach tuairim.’

Myles na Gcap Briain Ó Nolan

‘An dóigh leat, a sheanóir chóir,’ arsa mise, ‘go mbeidh aon dea-réiteach ar Ghaelaibh choíche, nó an mbeidh againn de shíor an cruatan, an gorta, an fhearthainn oíche agus an mí-ádh?’ ‘Beidh sin againn,’ ar seisean, ‘agus fearthainn lae freisin.’

 

 

 

Fág freagra ar 'An Béal Bocht@75: Bhí sé óg nuair a rugadh é, gan fiú amháin lá féin slán aige!'