An balla a leagadh agus na ballaí nár leagadh fós

Murach eachtraí áirithe, tharlódh gur ár uafásach a bheadh á chomóradh inniu, seachas 25 bliain de thitim Bhalla Berlin

berlin-wall-soldie_1970591i

Le linn an tsamhraidh, 1989, bhí mé in Osnabrück na Gearmáine, ag caitheamh na saoire ón Ollscoil ag obair i monarcha.

Bhí tuairiscí nuachta ann faoi dhaoine ón nGearmáin Thoir ag éalú tríd an Ungáir agus Poblacht na Seice, ach ní raibh an oiread sin spéis agam iontu.

I dtreo dheireadh an tsamhraidh, thug mé cuairt ar chairde liom i mBeirlín Thiar, agus thug geábh ar Alexanderplatz Thoir ina dteannta.

Thóg sé uair an chloig ormsa an teorainn a thrasnú.

Bhí scuaine ar leith ann d’eachtrannaigh agus bhí fear ón Ungáir romham.

Rinneadh diancheistiú air.

D’fhill mé ón turas úd agus mo cheann lán de shráideanna breac le saighdiúirí.

Bhí mé cinnte go mairfeadh marbhfháisc an SED ar an nGearmáin Thoir.

Ní hamhlaidh a tharla, áfach.

Ach bhí baint ag taismí leis an méid sin.

Bhí dlús á chur leis na hagóidí cinnte, ach stopadh a leithéid cheana – go fuilteach i Meitheamh 1953, mar shampla.

Bhí brú á chur ar an Rialtas de bharr líon na dteifeach a bhí ag bailiú go dtí an Ungáir agus Poblacht na Seice; bhí na comrádaithe thall ag tathant orthu an sruth trína dtíortha a chosc.

Rinneadh iarracht dlí nua eisimirce a scríobh; ach is amhlaidh a chuir sin leis an mbrú.

Ar an 9 Samhain, bhí an cheist á cíoradh ag lárchoiste an Pháirtí Chumannaigh.

Shocraigh siad ar réiteach sealadach a bhí ceaptha a bheith fógartha an lá dar gcionn.

Tugadh cáipéisí d’urlabhraí an Rialtais Günter Schaboswki nach raibh i láthair ag an gcruinniú – cáipéis faoi chásanna eisceachtúla ina measc – gan aon lánchosc marcáilte air.

Chuaigh seisean isteach i bpreasócáid leis na meáin idirnáisiúnta ag a sé a chlog um thráthnóna.

Cuireadh ceist air maidir leis an dlí a thóg an t-achrann.

Ní raibh sé ábalta freagra ceart a thabhairt ar lucht a cheistithe.

D’aimsigh sé an nóta faoin dlí nua a bhí le fógairt an lá dár gcionn agus léigh sé amach é.

Is ansin a cuireadh an cheist chinniúnach: cathain a thiocfadh sé i bhfeidhm?

Ní raibh an t-eolas sin aige, a dúirt sé, ach d’fhreagair sé an cheist mar sin féin.

“Láithreach, go bhfios dom”.

Chuir sin an lasair sa bharrach!

Thosaigh daoine fiosracha thoir ag dul go dtí na hionaid trasnaithe teorann.

Ní raibh aon eolas cruinn ag na saighdiúirí Garda ann, agus theip orthu teacht ar aon treoir chruinn, ná, go deimhin, ar aon duine de lucht na ceannasaíochta a bhí sásta cinneadh a ghlacadh.

Cinneadh ar “Ventillösung” – leathréiteach d’fhonn an brú a laghdú – agus scaoileadh isteach líon áirithe daoine i mBeirlín Thiar.

Fiosrach a bhí mórchuid de na daoine seo thar aon rud eile, agus é i gceist acu geábh gasta siar a thabhairt agus filleadh abhaile.

D’fhág cuid acu leanaí sa bhaile, fiú.

Ach bhí na péas ag cur stampa ar a bpasanna a d’fhág nach scaoilfí ar ais iad – cé nárbh eol dóibh sin ag an am.

Ní raibh an toradh a rabhthas ag dréim leis ar an “Ventillösung”; threisigh an brú ar na hionaid teorann, ach fós ní raibh aon scéal ón lucht ceannasaíochta.

I dtreo an mheáin oíche ag Bornholmer Straße, bhí cúrsaí ag éirí contúirteach ag an dteorainn – bhí na mílte duine ag déanamh uirthi de réir mar a chuala siad go raibh daoine á ligean siar.

Brúdh claí sreanga i leataobh.

Mhothaigh na saighdiúirí anois faoi bhagairt bháis. Bhí baol fola ann.

Ach rinne an ceannasaí ar an láthair, Oberstleutnant Harald Jäger, cinneadh as a stuaim féin, ó tharla gan treoir ná tacaíocht a bheith aige.

D’ordaigh sé an teorainn oscailte, agus thit an balla.

Bhí na fórsaí cosanta thoir faoi ordú bheith faoi réir don troid; ach rinne a gcuid oifigeach cinneadh an t-ordú a aisghairm.

Chinn leas ambasadóir na Rúise gan Moscó a chur ar an eolas faoi oscailt na teorann, le frithghníomh díobhálach a sheachaint.

Murach na nithe fánacha sin, tharlódh gur ár uafásach a bheadh á chomóradh inniu, seachas 25 bliain de thitim an Bhalla.

Tharla athaontú na Gearmáine ar an 3ú Deireadh Fómhair 1990.

Bhí mé féin os comhair an Reichstag agus bratach na Gearmáine aontaithe ar foluain.

Ní raibh gach duine thiar ná thoir sásta; agus níl fós.

Chodail an bhean a phós mé féin trí na heachtraí corraitheacha seo, agus is beag a spéis iontu.

Bhí a cuid deacrachtaí aici leis an Stasi sna déaga agus í ag ceoltóireacht le grúpaí eaglasta; ach bhí sí, mar a bhí mórán, tagtha ar détente áirithe leis an stát.

De bharr roinnt botún a rinneadh san idirbheartaíocht don aontú, tá na ‘ballaí sna cloigne’ fós ann ceathrú céad níos déanaí.

Mothaíonn an dream thiar gur chosain an t-aontú barraíocht orthu – cé, le fírinne, gur chuir sé borradh faoi gheilleagar a bhí ag lagú.

Scriosadh a lán den gheilleagar thoir, agus tá stráicí móra tíre atá bánaithe ag dífhostaíocht agus eisimirce. Fós, bíonn pá éagsúil ag fostaithe an stáit ag brath ar an thiar nó thoir a rugadh iad – fiú más ag obair gualainn ar ghualainn thoir atá siad.

Socraíodh an prionsabal “Rückgabe vor Entschädigung” a chur i bhfeidhm, i. go dtabharfaí maoin ar ais dóibh siúd ar bhain an Stát Thoir díobh í, seachas cúiteamh leo as a lán dochair a dhéanamh.

Tharla sé go minic go bhfuair daoine a bhí fós ina gcónaí thoir seilbh ar thithe agus maoin a cheannaigh daoine eile go hionraic roimh theitheadh dóibh.

Ach is go síochánta a tharla sé, agus tá feabhas ag teacht ar chúrsaí de réir a chéile.

Is fiú sin a chomóradh.

 

– Tá Croinic na hOíche cinniúnaí úd ina iomláine le léamh ag

https://www.chronik-der-mauer.de/index.php/de/Chronical/Detail/day/9/month/November/year/1989

Fág freagra ar 'An balla a leagadh agus na ballaí nár leagadh fós'

  • Fergus Ó Néill

    Cur síos cruinn ábhartha. Maidir le Günter Schabowski, ba dheacair liom riamh glacadh leis an leagan oifigiúil den scéal. Bhí imir den aisteoireacht agus den réamhbheartú le braith ar chúrsaí, dar liom. Seans go raibh cuairteoir ón Iarthar ann roimh ré..?