An anáil bainte díom ag leabhar as Angóla a chuir Cré na Cille i gcuimhne dom

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: tá rud nó dhó i gcoitinne ag mórshaothar an scríbhneora óig as Angóla, Ondjaki, le mórshaothar Mháirtín Uí Chadhain.

An anáil bainte díom ag leabhar as Angóla a chuir Cré na Cille i gcuimhne dom

An bua is mó atá ag Cré na Cille, b’fhéidir, ná gur éirigh le Máirtín Ó Cadhain portráid a chruthú de phobal iomlán – pobal Chois Fharraige i dtús an 20ú haois – ina nglórtha féin. Caitear corpán anuas ar chorpán, reacaire anuas ar reacaire, agus de réir a chéile cruthaítear peirspictíocht liteartha thar a bheith neamhghnách: carn mór pointí féachana ar ionann iad, sa deireadh, agus pointe féachana mór amháin. 

Pointe féachana pobail.

Drochsheans go raibh mórshaothar an Chadhnaigh léite ag an scríbhneoir óg as Angóla, Ondjaki, sular scríobh sé a mhórshaothar féin. Sa bhliain 2012 a foilsíodh a úrscéal Os Transparentes (‘An Dream Trédhearcach’), tráth nach raibh fáil go fóill ar aistriúcháin Bhéarla Cré na Cille.

Mar sin féin baineann Ondjaki úsáid as an bpeirspeictíocht liteartha céanna in Os Transparentes agus a mbaineann Ó Cadhain úsáid aisti in Cré na Cille: carn mór pointí féachana aonair ar ionann iad, sa deireadh, agus pointe féachana mór amháin. 

Pointe féachana pobail.

In úrscéal Ondjaki is iad pobal Luanda, príomhchathair Angóla, a reiceann a scéal don léitheoir. Ní hionann agus carachtair Cré na Cille tá na reacairí in Os Transparentes beo (go fóill.) Ach dála lucht na cille tá siad teanntaithe i mullach a chéile san aon áit amháin: foirgneamh ilstórach i lár chathair Luanda atá ag titim as a chéile.

Ní hé an bloc árasán seo amháin atá ag titim as a chéile ach an tsochaí ar fad, agus creachlathas iarchumannach ag iarraidh teacht i dtír ar shaibhreas ola díreach faoi bhunsraith na cathrach. An ola sin breosla an scéil. Ní hionann agus Cré na Cille tá plota pléascach ag Os Transparentes, agus buaic mháistriúil a thugann na scéal-línte éagsúla chun críche i radharc a leanann ar aghaidh ar feadh na scórtha leathanach agus a bhainfeadh uisce as cloch. Mhúch mé na soilse nuair a chríochnaigh mé Os Transparentes agus chaith an chuid eile den oíche sa dorchadas, ag dul siar ar na scéal-línte éagsúla i m’aigne agus ar éacht Ondjaki iad ar fad a fhí le chéile.

Bhain an leabhar seo as Angóla an anáil díom. Gan dabht ar bith faoin spéir áireofar Os Transparentes ar mhórshaothair na Portaingéilise, na hAfraice agus an 21ú haois. Foilseofar Slow Red, aistriúchán Béarla ó pheann Stephen Henighan, in Aibreán 2018.

Fág freagra ar 'An anáil bainte díom ag leabhar as Angóla a chuir Cré na Cille i gcuimhne dom'