An ag fiach i ndiaidh na gealaí atá Pádraig Ó Céidigh?

An ionann a bheith ag lorg comhaontú i dTithe an Oireachtais faoi chúrsaí uisce agus a bheith ag iarraidh cearnóg a dhéanamh de chiorcal?

An ag fiach i ndiaidh na gealaí atá Pádraig Ó Céidigh?

Má shíleann tú go bhfuil saothar achrannach romhat, cuimhnigh ar an gcúram a thairg an Taoiseach do Phádraig Ó Céidigh.

An cúram? A bheith ina chathaoirleach ar choiste nua uile-pháirtí a mbeidh sé mar aidhm aige scéim a mholadh chun íoc as an gcóras uisce.

An spriocdháta? 13 Márta, de réir mar atá socraithe. Ach tuigtear nach gceilfear síneadh ama ar bhaill an choiste má iarrann siad é.

An Coiste? Tá móramh na gcomhaltaí glan in aghaidh táillí uisce (Fianna Fáil san áireamh, faoi láthair), agus mionlach i bhfabhar, faoi láthair.

Seans comhréitigh? Seans ar bith, mura n-athraíonn dream éigin a dtuairim.

Chuaigh an Céideach i mbun oibre go cúramach, agus tuairimí gach ball den choiste á bplé aige leo sula ndeachaigh siad i mbun oibre. D’aontaigh siad go léir faoin amchlár ina bpléifear:

1. Cé mhéad airgid a theastóidh leis an gcóras uisce a fheabhsú agus a chur ar fáil gach bliain?

2. Seilbh phoiblí ar an eagraíocht a bheas i mbun an tsoláthair uisce feasta.

3. Maoiniú na seirbhíse (táillí agus maoiniú stáit, nó lánmhaoiniú stáit).

4. Aisíoc do dhaoine a d’íoc táillí go dtí seo.

5. Comhlíonadh threoracha uisce an AE.

Ainneoin díograis an chathaoirligh, is léir do chách nach dtiocfar ar chomhréiteach mura ngéilleann páirtí éigin. Beifear ag faire go háirithe ar ráitis ionadaithe Fhine Gael ar an gcoiste (Colm Brophy, Paudie Coffey, Alan Farrell, Martin Heydon, agus Kate O’Connell).

Dúirt Enda Kenny coicís ó shin nach dtitfeadh an rialtas as a chéile mar gheall ar tháillí uisce, ach is fada agus is casta fós é an t-aistear a theastóidh sula ngéillfidh an páirtí don mhóramh.

Príomh-Aoire faoi bhrú

Braitheann gach Taoiseach go mór ar stuaim agus ar chumas a phríomh-aoire, ach is treise tábhacht na dtréithe sin má bhíonn sé i gceannas ar rialtas atá spleách go hiomlán ar dhaoine atá lasmuigh dá pháirtí féin.

Ní ar óráidíocht den scoth mar sin, ná ar pholasaithe dá fheabhas iad, a thugtar breithiúnas i gcás an phríomh-aoire.

Ba léir do gach Teachta Dála go raibh na tréithe sin caite i leataobh ag Regina Doherty nuair a d’eisigh sí ráiteas ar an 22 Nollaig faoi phiolóin leictreachais a cheadaigh an Bord Pleanála a thógáil ina dáilcheantar (An Mhí Thoir).

Dúirt sí gur chuir cinneadh an Bhoird aiféala uirthi, mar a chuir sé ar mhórán ionadaithe ó pháirtithe eile. Ansin, chuaigh sí níos faide:

We are about to enter into a phase of civil disobedience to hamper the decision made by An Bord Pleanála and I fully support the farmers and landowners in that action.”

Cloistear Tadhg-an-Dá-Thaobhachas mar seo á chleachtadh go minic ag polaiteoirí. Ach ba léir fiú do chomrádaithe Doherty nach féidir seasamh den chineál seo a chosaint, más comhalta den rialtas an té atá ag caint.

Dúirt an feisire Eorpach Brian Hayes Dé hAoine go raibh tuairimí Regina Doherty an-mhícheart.

Beidh an Taoiseach ag iarraidh sula i bhfad go dtarraingeofaí siar, ar bhonn príobháideach, ar a laghad, an méid a dúradh.

Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidió a hAon

Fág freagra ar 'An ag fiach i ndiaidh na gealaí atá Pádraig Ó Céidigh?'