An 6 Aibreáin 2017 – ‘D-Day’ daonáirimh don Ghaeilge

Tá na figiúirí is déanaí faoi líon na gcainteoirí Gaeilge sa stát le foilsiú ag an CSO ar an 6 Aibreáin

An 6 Aibreáin 2017 – ‘D-Day’ daonáirimh don Ghaeilge

Beidh an t-eolas a bailíodh faoi líon na gcainteoirí Gaeilge sa stát i nDaonáireamh 2016 ar fáil ar an 6 Aibreán i mbliana. Beidh eolas ar fáil freisin an lá sin faoi líon na ndaoine a roghnaigh an fhoirm Ghaeilge dhaonáirimh ón bPríomh-Oifig Staidrimh anuraidh.

De réir an eolais is deireanaí atá againn, ó Dhaonáireamh 2011, tá Gaeilge de chineál éigin ag 41% de dhaonra an stáit, agus labhraíonn 77,185 duine ar bhonn laethúil í taobh amuigh den chóras oideachais.

Thug 66,238 duine as an nGaeltacht le fios sa Daonáireamh céanna go bhfuil Gaeilge acu agus labhraíonn 17,955 ar bhonn laethúil taobh amuigh den chóras oideachais í.

Tá an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge i bhfeidhm le sé bliana anuas, agus mhaígh an tAire Stáit Gaeltachta Seán Kyne anuraidh go raibh sé “fós réadúil” a bheith ag caint ar 250,000 cainteoir laethúil sa bhliain 2030.

Rinneadh an Daonáireamh anuraidh ar an 24 Aibreán — cothrom an lae céad bliain ó d’fhógair Gael mór an chéid seo caite, Pádraig Mac Piarais, Poblacht na hÉireann i mBaile Átha Cliath. Cuirfear an-spéis sa mhéadú, nó laghdú, a thiocfaidh ar fhigiúirí na bliana seo i gcomparáid le líon na gcainteoirí Gaeilge a bhí ann i 1911, nuair a rinneadh an daonáireamh deiridh sula raibh Saorstát Éireann ann.

Thug 554,000 duine, nó 17.6% den daonra, le fios i 1911 go raibh Gaeilge acu. Tháinig méadú air sin go 18.3% den daonra i 1926 nuair a rinneadh an chéad daonáireamh i ndiaidh bhunú an tSaorstáit. Ní raibh ceisteanna sonracha faoin úsáid a bhaintear as an nGaeilge sna daonáirimh luatha sin.

Bhí feachtas ar siúl ag Conradh na Gaeilge sna seachtainí roimh an Daonáireamh inar iarradh ar phobal na Gaeilge leagan Gaeilge d’fhoirm an Daonáirimh a lorg agus na ceisteanna a fhreagairt i nGaeilge.

Líon 7,751 teaghlach an leagan Gaeilge den fhoirm sa bhliain 2011 ach tá an Conradh ag súil go dtiocfaidh méadú ar an líon go 10,000 teaghlach i nDaonáireamh 2016.

Is í an Phríomh-Oifig Staidrimh a dhéanann an daonáireamh agus baintear úsáid as na staitisticí a fhaightear uaidh ar go leor bealaí éagsúla, forbairt seirbhísí poiblí ina measc. Ar ndóigh is taifead tábhachtach staire iad torthaí an daonáirimh chomh maith.

Ní raibh aon cheist nua ar an bhfoirm anuraidh ach cuireadh rogha bhreise leis na freagraí ar an gceist a bhaineann le pósadh. Tugadh deis don lánúin atá i bpáirtnéireacht shibhialta aonghnéis an stádas sin a chur in iúl. Chuir lánúin aon-inscne atá pósta tic sa bhosca ‘pósta’.

Thug 1,774,437 duine le fios in 2011 go raibh Gaeilge acu. Ba mhéadú é sin ar an 1,656,790 a thug le fios go raibh Gaeilge acu deich mbliana ó shin, in 2006. Ba mhó mná, 973,587, ná fir, 800,850, a thug le fios in 2011 go raibh Gaeilge acu.

Bhí 77,185 duine ag labhairt Gaeilge ar bhonn laethúil taobh amuigh den chóras oideachas in 2011 agus bhí 23% acu sin idir 5 bliana agus 18 mbliana d’aois. Bhí 30% acu idir 25 agus 44 bliain.

Thug 51% de dhaonra na Gaillimhe le fios go raibh Gaeilge acu in 2011, an céatadán is airde as na contaetha ar fad. Ar na chéad chontaetha eile ab airde bhí An Clár, Tiobraid Árann, agus Contae Luimnigh. Ba iad Baile Átha Cliath agus Contae Lú na contaetha ba lú cainteoirí Gaeilge.

B’ionann líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais i réigiúin Ghaeltachta agus 23,175 duine nó 24% den phobal iomlán a bhí 3 bliana d’aois nó níos sine sna réigiúin sin. Bhí 6,813 duine eile a labhair Gaeilge ar bhonn seachtainiúil. Léirigh thart ar 4,682 duine go raibh siad in ann Gaeilge a labhairt ach nár labhair siad go rialta í.