An 2,000,000ú tvuít i nGaeilge seolta!

Ba in 2006 a seoladh an chéad ghiolc i nGaeilge ar Twitter, cúpla mí i ndiaidh bhunú an tsuímh

An 2,000,000ú tvuít i nGaeilge seolta!

Tá os cionn dhá mhilliún giolc i nGaeilge seolta ar an suíomh meán sóisialta Twitter ó thosaigh na Gaeil á úsáid os cionn deich mbliana ó shin. Coinníonn an tOllamh Kevin Scannell súil ar chúrsaí Gaeilge ar Twitter lena shuíomh IndigenousTweets.com.

Seoladh an 2,000,000ú giolc ar an 22 Iúil 2017 ó Bhaile Átha Cliath.

Ba é Trevor Herbert, múinteoir agus scoláire Gaeilge i mBaile Átha Cliath, a sheol an 2,000,000ú giolc mar fhreagra ar phictiúr de chomhartha Gaeltachta a chuir Sorcha Ní Riain, as oirthear Chorcaí, suas ar an suíomh.

Ba in 2006 a seoladh an chéad ghiolc i nGaeilge ar Twitter, cúpla mí i ndiaidh bhunú an tsuímh. Ba í an t-úsáideoir @aine a chuir an chéad ghiolc sin amach mí Nollag na bliana sin.

D’imigh beagnach deich mbliana tharainn sular sáraíodh an milliún tvuít. Sheol @OideasGael, cuntas oifigiúil Twitter an choláiste Gaeilge do dhaoine fásta i nGleann Cholm Cille, an 1,000,000ú giolc Domhnach Cásca 2015 agus beannachtaí na féile á nguí ar lucht a leanta.

Níor thóg sé i bhfad ar phobal na Gaeilge ar Twitter, áfach, an 2,000,000ú tvuít a bhaint amach agus níos lú ná 30 mí ann idir an 2,000,000ú agus an 1,000,000ú giolc.

Mhínigh an tOllamh Kevin Scannell, a ritheann an suíomh IndigenousTweets.com  agus a choinníonn cuntas ar ghiolcacha i mionteangacha ar fud an domhain, an chaoi ar tháinig sé ar an 2,000,000ú giolc.

“Is scéal casta é. Bailím na tvuíteanna go léir ó thart ar 10,000 cuntas Twitter agus déanaim anailís staitisticiúil orthu chun na cinn i nGaeilge a aimsiú. Tá an anailís seo bunaithe ar ghnéithe éagsúla; fianaise inmheánach, mar shampla na focail agus na litreacha sa tweet féin, chomh maith le fianaise faoin úsáideoir; céatadán na tvuíteanna i nGaeilge atá aige go stairiúil, na teangacha eile a úsáideann sé agus araile,” a dúirt an tOllamh Scannell le Tuairisc.ie.

Dúirt sé freisin go bhfuil sé tábhachtach patrún na litreacha a scrúdú seachas na focail amháin. Is mar sin a aimsítear giolcacha i nGaeilge fiú nuair a bhíonn síntí fada ar lár ó na focail nó nuair a bhíonn focail mílitrithe.

Fág freagra ar 'An 2,000,000ú tvuít i nGaeilge seolta!'

  • Mise Áine

    Fear uasal é Kevin Scannell, fear a bhionns ag obair ar mhaithe leis an nGaeilge, i gcónaí…maith thú, a chara!