An 20 iarbhunscoil lán-Ghaeilge ‘is fearr’ sa tír…

Tá Coláiste Chnoc na Labhras ar an iarbhunscoil lán-Ghaeilge ‘is fearr’ sa stát i dtábla 'fiúntais' atá ullmhaithe ag Tuairisc.ie bunaithe ar thaighde a rinne an Sunday Times

An 20 iarbhunscoil lán-Ghaeilge ‘is fearr’ sa tír…

Tá Coláiste Chnoc na Labhras ar an iarbhunscoil lán-Ghaeilge ‘is fearr’ sa stát – agus ar an iarbhunscoil ‘is fearr’ sa stát don tríú bliain as a chéile, de réir staitisticí a foilsíodh ar The Sunday Times.

Tá Coláiste Ailigh i Leitir Ceanainn i nDún na nGall ar bharr an liosta do Chúige Uladh. Cothrom an ama seo anuraidh, iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge a bhí ar bharr an liosta náisiúnta i ngach aon chúige ach ní hamhlaidh an scéal i mbliana.

Thóg Coláiste Gonzaga, scoil phríobháideach i mBaile Átha Cliath, áit Choláiste Íosagáin i gCúige Laighean agus tá Coláiste na Coiribe sa dara háit i mbliana i ndiaidh Scoil Salerno nó Meánscoil Íosa agus Mhuire i gcathair na Gaillimhe, atá ar bharr an liosta i gCúige Chonnacht.

Tá scagadh déanta ag Tuairisc.ie ar an tábla agus liosta de na 20 iarbhunscoil lán-Ghaeilge is fearr sa stát curtha i dtoll a chéile againn bunaithe ar an eolas a foilsíodh in The Sunday Times.

Tá na hiarbhunscoileanna lán-Ghaeilge ‘is fearr’ sa Stát le fáil ar fud na tíre, ó Dhún na nGall go Loch Garman agus ó Mhuineachán go Ciarraí.

Bunaíodh na staitisticí ar eolas a bailíodh faoi líon na ndaltaí in iarbhunscoileanna uile na tíre a chuaigh ar aghaidh go dtí 32 institiúid tríú leibhéal thuaidh agus theas.

Is iad na scoileanna céanna, nach mór, atá ar an liosta i mbliana is a bhí anuraidh agus is beag athrú atá tagtha ar ord an liosta.

Tá Coláiste Chois Life i Leamhcán imithe suas céim amháin go dtí an séú háit ar an liosta agus Coláiste Oriall i Muineachán tite ón séú háit go dtí an naoú háit.

Ní raibh Coláiste Chineáil Eoghain ar an liosta náisiúnta den 400 scoil ‘is fearr’ anuraidh ach tháinig sé isteach sa 51ú háit ar an liosta náisiúnta agus sa 10ú háit ar liosta na n-iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge i mbliana agus 66.7% de dhaltaí na scoile ag freastal ar an tríú leibhéal.

Baineann conspóid go minic le táblaí na scoileanna a fhoilsítear sna nuachtáin náisiúnta.

Sna liostaí ‘scoileanna friothálacha’ seo, déantar iarbhunscoileanna a mheas bunaithe ar líon na ndaltaí a théann ar aghaidh uathu go dtí institiúidí tríú leibhéal áirithe tar éis na hArdteistiméireachta. Dar le mórán, slat tomhais róchúng ar chaighdeán agus leithne an chineál oideachais a chuirtear ar fáil i scoileanna iad na táblaí seo.

Is éard atá i gceist le ‘céatadán ar an tríú leibhéal’ sa tábla thuas ná céatadán na ndaltaí ón scoil a chláraigh le 32 institiúid tríú leibhéal le linn na mblianta acadúla 2013-14, 2014-15 agus 2015-16.

Tabla 2

Fág freagra ar 'An 20 iarbhunscoil lán-Ghaeilge ‘is fearr’ sa tír…'

  • Sean

    Nach bhfuil an teideal “iarbhunscoil LánGhaelach” le ceistiú más é an teanga atá in uachtar go sóisialta i measc scoláirí ná an Béarla. (Seas ag stad na mbus taobh amuigh de cuid des scoileanna seo. ) Cé leagann síos na critéir don teideal míshoiléir sin “Lán-Ghaelach”. Níl curaclam a chuirfeadh a dhóthain Ghaeilge dóibh le feidhmiú go,sóisialta go háirithe mura bhfuil fís ríshoiléir ag an scoil.