Amuigh sa halla istigh faoin staighre, is ann atá an HQ acu…

AG TÓGÁIL CLAINNE: Airíonn ár gcolúnaí súile beaga plaisteacha ag faire uirthi as chuile choirnéal den teach...Tá an tÉirí Amach ar tí tosú…

Bridget

Ceapaim go mb’fhéidir go bhfuil an tÉirí Amach ag teacht. An lá cheana bhí siad sa halla tosaigh istigh faoin staighre. Is ann atá an HQ acu, sílim. ‘An Campa’ atá tugtha acu air. Tá mé amhail is cinnte gur chuala mé ‘The Times They Are a-Changin’ á chanadh os íseal acu.

Feicim iad ag teacht is ag imeacht ann ag amanna aisteacha. Uaireanta ina n-aonar, uaireanta tugann siad cara leo; chonaic mé Winnie-the-Pooh lá, tá Iggle Piggle cinnte imithe leo agus tá mé amhail is cinnte go bhfaca mé an bhabóg Máire ag dul isteach ann lá eile.

Airím súile beaga plaisteacha ag faire orm as chuile choirnéal den teach.

Tá an Babaí é féin earcaithe acu. Chuala mé iad ag caint os íseal, ansin d’éirigh an Babaí amach as an gcampa. “Doras, doras,” a dúirt sé go stadach agus chuaigh sé anonn – ag cloí le horduithe, is léir – agus dhún sé doras an halla. Ní fhaca mé níos mó ná sin.

D’fhág siad suite sa gcistineach mé i m’aonar. Céard a bhí beartaithe acu? Tháinig taom creatha orm. Bheadh caife ag teastáil uaim agus brioscaí. Chaithfinn an cheist a chogaint.

Ach bhí spiairí chuile áit acu. D’oscail an doras de phreab. Chonaic siad mé. Chonaic mé iad. Bhí a fhios agam go raibh a mbreithiúnas tugtha acu.

“Níl sé féaráilte,” a d’fhógair Beainín na Naíonán Beag ón doras isteach, “cén fáth go bhfuil an saol go maith ag na daoine móra agus níl tada ag na daoine beaga?”

Bhí gáir na réabhlóide amuigh. Shamhlaigh mé a ráiteas mar mhana ar t-léine ag ‘leanaí na réabhlóide’ amach anseo, a híomhá in éineacht leis, dála Ché Guevara, ar na mílte t-léine agus póstaeir ghioblacha.

“Tá muide caillte leis an ocras,” a dúirt an Cailín Mór Beag go truamhéalach. Thuig mé gurb éard a bhí i gceist aici ná, ‘an bhfuil tú chun ligint dúinn bás a fháil den ocras agus tusa ag sclamhadh hob-nobs?’

“Ach fuair sibh brioscaí ar ball!” a d’áitigh mé orthu. B’fhíor dom – bhí brioscaí ite acu píosa roimhe sin. Bhuel, bhí cuid den fhírinne agam, bhí cúpla ceann eile faighte agam as an bpacáiste dom féin ó shin.

Bhreathnaigh siad orm go fuarchúiseach. Bhí a fhios agam go raibh mo phort seinnte, mo hob-nob ite. Bhí an réabhlóid tagtha.

Meas tú céard a bhí ar bun ag Marie Antoinette nuair a tháinig siad isteach lena tabhairt chuig an ngilitín? An raibh blúirín cáca aici? An raibh sí ar tí an blúirín cáca ba dheise a bhí aici riamh, seans, a ithe nuair a sciobadh as a lámh é?

Fág freagra ar 'Amuigh sa halla istigh faoin staighre, is ann atá an HQ acu…'