Amú san Aistriúchán…(50)

Le cúnamh ónár gcuid léitheoirí, cuirtear ar fáil cuid de na samplaí is ‘fearr’ den drochaistriúchán Gaeilge sa saol poiblí

Amú san Aistriúchán…(50)

Patrick John a sheol chugainn sampla na seachtaine seo.

An áit: Suíomh idirlín Shlí an Atlantaigh Fhiáin

An Béarla: May the road rise to meet you and may the wind always be on your back!

An Ghaeilge: Éirí an bóthar suas chun bualadh leat, agus féadfaidh an ghaoth i gcónaí leat! 

Focal ó na moltóirí:

N’fheadar cén fiántas nó ainriantacht aistriúcháin a bhuail iad, ach is léir go bhfuil lucht Shlí an Atlantaigh Fhiáin imithe amú ar fad. Dia idir sinn agus an bóthar a d’éireodh suas chun bualadh leat (an N59?)!

An leagan ceart: Go n-éirí an bóthar leat agus gur agat a bheidh an chóir i gcónaí!

Fág freagra ar 'Amú san Aistriúchán…(50)'

  • Lillis Ó Laoire

    Nach ‘leat’ seachas ‘agat’ a bhíonn an chóir nuair is gaoth atá i gceist?
    6. ~ (ghaoithe), favourable wind. Seoladh le ~ ghaoithe, to sail with a fair wind.

  • Criostóir Ó Maonaigh

    Nach é ”May you have a good journey’ nó ‘May your journey be successful’ an brí atá i mBéarla le ‘Go n-éirí an bóthar leat’ ? Níl aon chiall le ‘May the road rise to meet you,’ nó rud éigin mar sin.

  • padraig o floinn

    go mbi sruth is gaoith leat de shior – an sheenadh fada imithge aqgus ar iarraidh!