Amú san Aistriúchán…(48)

Le cúnamh ónár gcuid léitheoirí, cuirtear ar fáil cuid de na samplaí is ‘fearr’ de dhrochaistriúcháin Ghaeilge sa saol poiblí

Amú san Aistriúchán…(48)

Is ó John i gCathair na dTreabh a tháinig an pictiúr seo. Fógra atá crochta i lár na cathrach mar a bhfuil Aonach na Nollag faoi lánseol.

An áit: An Fhaiche Mhór, Gaillimh

An Béarla: Set down area

An Ghaeilge: Socraigh Dúin Achar

Focal ó na moltóirí:

Is léir nárbh iad an Ghaeilge, an tíreolaíocht ná an mhata na hábhair ab fhearr ag an té a chuir Gaeilge ar an bhfógra seo ar an bhFaiche Mhór, i gCathair na Gaillimhe mar a ndéantar tagairt do ‘Down’ Chúige Uladh agus ‘Area’ an mhiosúir agus gan aon cheangal eatarthu.

An leagan ceart: Láthair thuirlingthe nó Limistéar tuirlingthe

Fág freagra ar 'Amú san Aistriúchán…(48)'

  • Breathnóir

    Tá duais ag gabháil don aistriúchán thuas, tá sé chomh holc sin! Do bharúil an bhfuil duine éigin ag ‘trolláil’ na nGael?
    Tá sé spéisiúil tabhairt faoi deara, má dhéantar cuardach ar ‘set down area’ i Google Translate go dtugtar ‘leagan síos limistéar’, ach má chuimhnítear ar an fhleiscin, ‘set-down area’ tugtar an t-aistriúchán ceart, ‘limistéar tuirlingthe’.
    Cá bhfuil siad ag fáil na leaganacha sáráiféiseacha seo, mar sin de?