Amú san aistriúchán…(47)

Le cúnamh ónár gcuid léitheoirí, cuirtear ar fáil cuid de na samplaí is ‘fearr’ de dhrochaistriúcháin Ghaeilge sa saol poiblí

Amú 031016

Ó Mháire a tháinig pictiúr na seachtaine seo. Fógra atá crochta ar gheata na scoile sna Forbacha i gConamara mar a bhfuil scoil nua á tógáil.

An áit: Comhartha suímh tógála sna Forbacha i nGaeltacht Chonamara.

An Béarla: ‘Drop ‘n Go’

An Ghaeilge: ‘Fág agus Fuadaigh’

Focal ó na moltóirí: B’fhearr do mhúinteoirí na bhForbacha i gConamara focal gasta a bheith acu leis na tógálaithe atá i mbun scoil nua a thógáil ar láthair Scoil Náisiúnta an cheantair Ghaeltachta seo. ‘Ag obair ar mhaith leatsa’ an mana atá ag Carey Development ach ní hin an botún is mó a thógfá ceann de ar an gcomhartha seo, ná baol air.

Cúis imní d’Amú san Aistriúchán go bhfuil fógra ag ordú duit dul i mbun fuadaigh, go háirithe i gceantar ina bhfuil ceannáras Údarás na Gaeltachta. Cé a thabharfadh slán an Ghaeilge sa Ghaeltacht dá bhfuadófaí na saineolaithe pleanála teanga san eagraíocht sin, gan trácht ar na postanna ar fad a chaillfí dá sciobfaí uainn ceannródaithe na fiontraíochta Gaeltachta? Tá súil againn go bhfuil garda cosanta ag Steve Jobs féin ar a laghad agus é ag teacht agus ag imeacht óna láthair oibre i gColóim Chonamara.

An leagan ceart: ‘Fág agus imigh’

Fág freagra ar 'Amú san aistriúchán…(47)'

  • Seán Breathnach

    Fainic fonóid faoina Forbacha
    Fad siar in úsáid agus brí an fhocail,fáisceadh fógra fainiceach sa bhfoirm Fág agus Fuadaigh ,faraor gur minic faobhar foclach fonóide fairsing faoi láthair.
    Theastaigh foramán fainice a fhógairt.

  • Pól Réamonn

    @ ‘Fág agus Fuadaigh’

    Cá n-íocann tú an airgead fuascailte?

  • Seán Breathnach Príomhoide Scoil na bhForbacha

    Is dócha nár chuala Máire ná na Moltóirí,in úsáid laethúil na teanga, fuadaithe le gaoth nó fuadaigh leat a chailleach bhradach.Ceapaim sa gcás seo go raibh siad deifreach ina mbreith agus nach bhfuil tada cearr leis an leagan seo.Ní bhíonn saoi gan locht ach sa gcás seo fágfar an comhartha thuas go bhfuadaíonn sé le gaoth.