Amú san aistriúchán…(42)

Le cúnamh ónár gcuid léitheoirí, cuirtear ar fáil cuid de na samplaí is ‘fearr’ de dhroch-aistriúcháin Ghaeilge ar chomharthaí poiblí

AMÚ SAN AISTRIÚCHÁN

Go raibh maith agaibh as na pictiúir a sheol sibh le seachtain anuas. Tá méadú mór tagtha ar líon na ndroch-aistriúchán ó thús an tsamhraidh, shílfeá, nó b’fhéidir gurbh é an chaoi go bhfuil súile léitheoirí Tuairisc.ie ag dul i ngéire.

Darragh i gCorcaigh a chuir pictiúr na seachtaine seo chugainn.

An áit: Aerfort Chorcaí

An Béarla: Car Park Services

An Ghaeilge: Carr Phairc Seirbhísí

Focal ó na moltóirí: Ní hí seo an chéad uair Aerfort Chorcaí a bheith luaite in Amú san aistriúchán… ach b’fhéidir gurb é seo an sampla is measa fós uathu.

Ar ndóigh, tá foirne Chorcaí, idir fhir agus mhná, ag cruthú go maith ar an bpáirc pheile le blianta anuas ach ní haon leithscéal é sin an ‘pháirc’ chéanna a chur ar chomharthaí aerfoirt!

An leagan ceart: Seirbhísí Carrchlóis

Fág freagra ar 'Amú san aistriúchán…(42)'