Amú san aistriúchán…(41)

Le cúnamh ónár gcuid léitheoirí, cuirtear ar fáil cuid de na samplaí is ‘fearr’ de dhroch-aistriúcháin Ghaeilge ar chomharthaí poiblí

Amú 2

Go raibh míle maith agaibh as na pictiúir uilig a seoladh isteach le tamall anuas.

Ba é Eoin i mBaile Átha Cliath a thug botú(i)n na seachtaine faoi deara agus é ar Dhroichead Uí Chonaill.

An áit: Droichead Uí Chonaill, Baile Átha Cliath

An Béarla: NO THROUGH ACCESS FOR PEDESTRIANS

An Ghaeilge: No Trí Rochtain do Choisthe

Focal ó na moltóirí: 

Is léir gur fhoghlaim an t-aistritheoir ó fhoirmeacha Daonáirimh agus páipéir vótála gur deacair ‘No’ a rá i nGaeilge. Is beag eile atá le moladh faoin iarracht seo, faraor. No Trí Rochtain? Yes Dhá Rochtain? Maybe Rochtain Amháin? Cá bhfios? Mar bharr ar an uafás, baineadh cos amháin den choisí agus gan aon rochtain ar an dara ‘i’ aige.

An leagan ceart: Níl bealach tríd ag coisithe anseo

Fág freagra ar 'Amú san aistriúchán…(41)'