Amú san aistriúchán…(40)

Le cúnamh ónár gcuid léitheoirí, cuirtear ar fáil cuid de na samplaí is ‘fearr’ de dhroch-aistriúcháin Ghaeilge ar chomharthaí poiblí

Amú

Go raibh míle maith agaibh as na pictiúir uilig a seoladh isteach le seachtain anuas.

Is i nGaeltacht na Gaillimhe atá comhartha na seachtaine seo. Dúnmharaíodh an tAthair Mícheál Ó Gríofa le linn Chogadh na Saoirse agus caitheadh a chorp go gránna i bportach i mBearna. Tá leacht cuimhneacháin ar an láthair sin anois.

Ba é Seán in Indreabhán a thug botú(i)n na seachtaine faoi deara agus é ag spaisteoireacht timpeall Chonamara.

An áit: An Chloch Scoilte, Bearna, Co na Gaillimhe

An Béarla: Fr. Griffin Monument

An Ghaeilge: Leacht an tAthair Uí Gríofa

Focal ó na moltóirí: Tá an chosúlacht air go raibh lucht crochta an chomhartha ag iarraidh go sásófaí gach leagan den chaighdeán oifigiúil a foilsíodh ó 1958 i leith. D’fhéadfaí a rá gur leis an Athair Ó Gríofa an leacht nó gur in ómós dó atá sé ann ach táthar ag iarraidh an dá thrá a fhreastal anseo.

An leagan ceart: A) Leacht an Athar Uí Ghríofa
B) Leacht an Athar Ó Gríofa

Fág freagra ar 'Amú san aistriúchán…(40)'