Amú san aistriúchán…(39)

Le cúnamh ónár gcuid léitheoirí, cuirtear ar fáil cuid de na samplaí is ‘fearr’ de dhroch-aistriúcháin Ghaeilge ar chomharthaí poiblí

Amú 392

Go raibh míle maith agaibh as na drochshamplaí maithe de Ghooilge atá feicthe agaibh timpeall na tíre.

Tá tamall maith ann ó chonaic muid comhartha bóthair ar Amú san Aistriúchán… ach seo chugainn sampla breá – d’fhéadfá a rá gurb é an sampla is fearr – de phraiseach d’aistriúchán.

Is ó Aonghus i mBaile Átha Cliath a tháinig pictiúr na seachtaine seo.

An áit: Plás Haiste, Baile Átha Cliath

An Béarla: No through road

Local vehicular access only

To Hatch St Lower

Right via Hatch Place

An Ghaeilge: Níl trí bóthar

Rochtain Fheithiclí aitiúil

Ach amháin maidir le Hatch

íochtesech St Ceart via Placa Hatch

Focal ó na moltóirí: Is ar éigean go bhfuil na moltóirí in ann focal ar bith a rá mar tá snaidhm ar a dteanga tar éis dóibh iarracht a dhéanamh na habairtí ‘Gaeilge’ thuas a rá os ard. Tá moladh ar leith tuillte ag lucht crochta an chomhartha atá tar éis focal breá nua a chumadh i dteanga Phádraig agus Bhríde – ‘íochtesech’. Ach céard is brí leis?

Fág freagra ar 'Amú san aistriúchán…(39)'

  • Bean an Chultúir

    Ní comhartha tráchta é sin ach saothar ealaíne suiteála a léirionn staid na teanga. Cloisim go bhfuil súil ag Charles Saatchi é a cheannach.

  • Jackie Mac Donncha

    Bhí mé thall san Iodáil le gairid, agus cé gur san teanga sin acu fhéin a bhí an biachlár, bhí mé in ann meabhair a bhaint as. Ach cén teanga í seo thuas?
    Go bhfoire Dia orainn.