Go raibh míle maith agaibh as na pictiúir ar fad a sheol sibh isteach chugainn le seachtain anuas. Faraor, ní féidir linn ach ceann amháin in aghaidh na seachtaine a chrochadh, ach coinnígí oraibh ag léamh Amú san Aistriúchán agus b’fhéidir go bhfeicfidh tú do cheannsa amach anseo.
Tháinig pictiúr na seachtaine seo ó Éamonn.
An áit: Coláiste na Tríonóide
An Béarla: Quiet please. This is a residential campus.
An Ghaeilge: Ciúnas le do thoil. Is campus é seo a bhfuil cónaí air.
Focal ó na moltóirí: Ní haon iontas go mbeifí ag lorg ciúnais in ómós don champas míorúilteach seo a bhfuil, is léir, tréithe daonna ag baint leis. Agus sinn curtha inár dtost, áfach, shílfeá go neosfaí tuilleadh eolais dúinn faoin gcampas draíochta. Cá bhfuil cónaí air, mar shampla?
An leagan ceart: ‘Ciúnas le bhur dtoil. Campus é seo a bhfuil daoine ina gcónaí ann’ nó ‘Ciúnas le bhur dtoil. Is campas cónaithe é seo’.
Fág freagra ar 'Amú san aistriúchán…(33)'