Amú san aistriúchán…(22)

Le cúnamh ónár léitheoirí, cuirtear ar fáil gach seachtain cuid de na samplaí is ‘fearr’ den drochaistriúchán Gaeilge ar chomharthaí in áiteanna poiblí

Amú 22

Go raibh maith agaibh as na pictiúir a sheol sibh le seachtain anuas. Tá méadú mór tagtha ar líon na ndrochaistriúchán ó thús an tsamhraidh, shílfeá. B’fhéidir go bhfuil an ghrian ag tarraingt aird na n-aistritheoirí óna gcuid oibre. Nó b’fhéidir nach bhfuil aistritheoirí proifisiúnta á n-úsáid ag na comhlachtaí seo. Cá bhfios?

Lisa i Luimneach a chuir pictiúr na seachtaine seo ar fáil dúinn.

An Áit: Sráid na Danmhairge, Cathair Luimnigh 

An Béarla: Nice Food

An Ghaeilge: Bia Grá

Focal ó na moltóirí: Ar an gcéad dul síos, níor mhiste a rá go bhfuil an dá fhocal litrithe i gceart acu ach go bhfuil an chlófhoireann lochtach agus go bhfuil cuma an tsínidh fhada ar an bponc os cionn an ‘i’ i ‘bia’.

Níl aon leithscéal ann, áfach, don chuid eile den chomhartha a bheith chomh liobarnach. Tá caint cloiste againn i mBéarla ar ‘food baby’ agus ‘food coma’ ach níor chuala muid riamh faoin ‘food love’ seo – b’fhéidir gur cineál feitise é.

Nó b’fhéidir gur ródhian atá muid ar úinéirí na bialainne agus gurbh amhlaidh go raibh siad ar an eolas go bhfuil cúpla ‘Bia Blasta’ cheana féin ann (tá ceann ar an gCeathrú Rua i gConamara agus i nDroim Conrach san ardchathair, mar shampla).

Ar ndóigh, deirtear linn go raibh ‘Greim Gasta’ taobh le ‘Bróga Snasta’ i nGaeltacht Thír Chonaill tráth den saol, ach sin scéal eile.

An leagan ceart: Bia Blasta nó Bia Deas

Fág freagra ar 'Amú san aistriúchán…(22)'

  • James Pelow

    Níor mhiste liom ‘Food Love’ mar ainm ar phroinnteach i mBéarla. Biaghrá, b’fhéidir, sa chás sin? Nó Grá Bia fiú amháin.

  • Máire Uí Dhufaigh

    Níl mórán cuma ar Nice Food mar ainm ach seans nach bhfuil na Béarlóirí chomh géar ‘s atá muide.