Amú san Aistriúchán… (46)

Le cúnamh ónár gcuid léitheoirí, cuirtear ar fáil cuid de na samplaí is ‘fearr’ de dhroch-aistriúchán Gaeilge ar chomharthaí poiblí

Amú Dawson Street pix

An Áit: Sráid Dásain, Baile Átha Cliath

An Béarla: No access to Dawson St

An Ghaeilge: Ni féidir teacht ar Sráid Dawson

Focal ó na moltóirí: Ní fiú trácht ar an gcinneadh conspóideach a rinne Brainse na Logainmneacha fáil réidh le litriú Gaelach ar shráidainmneacha Bhaile Átha Cliath…

Maidir leis an gcomhartha féin, ráineodh go bhfuil an comhartha an-chruinn go deo agus go bhfuil poll slogaide tar éis oscailt i lár Bhaile Átha Cliath agus Sráid Dásain slogtha aige. Más amhlaidh an scéal beidh díomá ar go leor nár nocht an poll slogaide céanna cúpla céad méadar soir agus Teach Laighean a thabhairt leis. Nár dheas an radharc Danny Healy-Rae a fheiceáil ag stiúradh na dTeachtaí Dála ina mbeirteanna i dtreo a Áirc ar an Life?

An leagan ceart: Níl bealach isteach go Sráid Dásain/Dawson as seo

Fág freagra ar 'Amú san Aistriúchán… (46)'