Amhras faoi urraíocht cheilte i míreanna faisin agus stíle ar an teilifís

Is fiú a bheith san airdeall ar dhallamullóg a bheith á cur ar an bpobal agus íocaíochtaí faoi rún a bheith á dtabhairt do sheirbhísí áirithe teilifíse as earraí faisin a mholadh, dar lenár gcomhfhreagraí

Amhras faoi urraíocht cheilte i míreanna faisin agus stíle ar an teilifís

Is annamh go mbíonn deis agam féachaint ar chláir teilifíse na maidine ar sheirbhísí éagsúla na tíre seo agus na Breataine ach tá roinnt acu feicthe agam le gairid. Thug mé suntas ar leith do na míreanna faoi chúrsaí faisin agus stíle agus chuir cuid acu roinnt amhrais orm.

Bheifí ag súil go mbeadh an tslí go gcuirfí an rogha éadaigh a bhíonn le feiceáil agus á moladh ag na craoltóirí don lucht féachana curtha i láthair ar bhealach atá bunaithe ar an bhfírinne agus ar mhacántacht. Ach mheas mé féin go raibh boladh na hurraíochta ar chuid áirithe acu. 

Ar ndóigh, níl locht ar bith ar urraíocht agus is cuid thábhachtach í den ioncaim a bhíonn ag seirbhís teilifíse sa lá atá inniu ann. Ach tá rialacha agus caighdeáin i gceist le hurraíocht agus is bunriachtanas é go n-admhófaí go soiléir don phobal féachana go bhfuil urraíocht i gceist.

San áit go ndéantar é sin a admháil níl aon chúis ghearáin ag an bpobal – tuigeann an lucht féachana go bhfuil brabús á dhéanamh ag an tseirbhís teilifíse as táirgí ar leith a mholadh agus is féidir le daoine stuama a mbreithiúnas féin a dhéanamh ansin. 

Scéal eile ar fad é nuair nach n-admhaítear go bhfuil urraíocht i gceist agus nuair a chuirtear dallamullóg ar an bpobal go bhfuil na craoltóirí lándáiríre sa mholadh a thugann siad d’earraí atá curtha os comhair an phobail acu.

Seans go dtuigeann lucht fógraíochta agus déantóirí áirithe nach mbeidh an meas céanna ar tháirgí atá á moladh ar chláir teilifíse má thuigtear go bhfuil siad ansin de bharr urraíochta. Déarfainn gur ar an gcúis sin a éiríonn leo i gcásanna áirithe a chur ina luí ar eagraíochtaí craolta an rabhadh a deir táirgí urraithe atá á bhfeiceáil againn a fhágáil ar lár.

‘Non-disclosure’ an téarma teicniúil don mhímhacántacht seo maidir le hurraíocht nach nochtar agus is cosúil gur fadhb í atá ag dul i méid. Ar ndóigh, tá seirbhísí áirithe teilifíse nach mbeidh baint ná páirt acu leis an gcineál seo mí-iompair agus tugann siad rabhadh soiléir ar an scáileán i gcónaí gur ‘mír urraithe’ a bhíonn i gceist.

Ach, tá míreanna faisin agus stíle feicthe agam le gairid, ar sheirbhísí teilifíse maidine go háirithe, agus cheisteoinn an raibh urraíocht faoi cheilt i gceist. Chonaic mé láithreoirí ag dul as a mbealach agus ardmholadh acu ar bhaill éadaigh as siopaí ar leith nuair ba léir nach raibh aon rud speisialta ag baint leo ó thaobh stíle, caighdeáin nó praghsanna.

Tá an fhadhb chéanna i gceist maidir le hurraíocht faoi cheilt ar bhlaganna faisin agus ina measc sin ar a dtugtar ‘influencers’ – blagadóirí a bhfuil lucht leanúna suntasach acu agus a íoctar in airgead tirim nó le táirgí saor in aisce as tacaíocht a thabhairt d’earraí faisin ar leith.

Mar a tharlaíonn sé tháinig méadú 300% ar líon na ngearán faoin ábhar seo a rinneadh le hÚdarás Caighdeáin Fógraíochta na hÉireann sa chéad sé mhí den bhliain seo i gcomparáid leis an mbliain anuraidh ar fad.

Is fiú dúinn uilig a bheith ag faire amach don chleasaíocht sin i gcúrsaí cumarsáide, sna meáin thraidisiúnta agus sna meáin shóisialta.

I ndeireadh an lae, caithfidh muid filleadh ar an nath beag Laidine agus an chomhairle a thugtar do dhuine a bhfuil rud éigin á cheannach acu – Caveat emptor. Bí san airdeall, a cheannaitheoir!