Amhras faoi cén uair a fhoilseofar Bille na dTeangacha Oifigiúla 2014

Roinn na Gaeltachta ag obair le hOifig an Ard-Aighne chun an Bille a fhoilsiú ‘chomh luath agus is féidir’

Joe McHugh

Ní fios do Roinn na Gaeltachta an bhfoilseofar Bille na dTeangacha Oifigiúla 2014 roimh dheireadh théarma seo na Dála.

Thug an tAire Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta Heather Humphreys le fios i bhfreagra Dála an tseachtain seo caite go bhfoilseofaí an reachtaíocht teanga nua “sna seachtainí amach romhainn”, ach thug urlabharaí ó Roinn na Gaeltachta le fios do Tuairisc.ie ina dhiaidh sin nach raibh aon dáta foilsithe socraithe fós.

“Tá an Roinn ag obair go leanúnach le hOifig an Ard-Aighne chun an Bille a fhoilsiú chomh luath agus is féidir,” a dúirt urlabhraí na Roinne.

Thug an Roinn le fios cheana go bhfoilseofaí an Bille “le linn téarma reatha na Dála”. Beidh an Dáil ina shuí go dtí an 16 Iúil.

Thug an Taoiseach, Enda Kenny, le fios roimh Nollaig anuraidh go bhfeicfí an Bille sa Dáil “go luath i mí Eanáir” na bliana seo.

Deineadh cáineadh géar ar chinnteidil an Bhille, a dhéanfaidh leasú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, nuair a foilsíodh anuraidh iad.

Dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill “gur chosúil gur beag a dhéanfadh an leasú atá beartaithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla chun cearta teanga an tsaoránaigh a láidriú”.

Dúirt, Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, an mhí seo caite nár chóir an reachtaíocht leasaithe a thabhairt isteach mura gcuirfear na moltaí atá déanta ag an gCoimisinéir Teanga san áireamh ann.

Thagair Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge go sonrach do mholadh an Choimisinéara gur chóir a chinntiú i leasú an Achta go mbeadh Gaeilge ar a dtoil ag fostaithe an Stáit atá lonnaithe sa Ghaeltacht nó ag cur seirbhísí ar fáil sa Ghaeltacht.

Níos túisce i mbliana, moladh i dtuarascáil ón gCoiste Oireachtais um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltachta go ndéanfaí athbhreithniú ar chinneadh an Rialtais deireadh a chur le scéim na marcanna bónais do státseirbhísigh le Gaeilge.

Moladh sa tuarascáil go dtabharfadh gach uile eagras stáit gealltanas uaidh go mbeidh 10% dá bhaill foirne inniúil ar an nGaeilge agus ábalta déileáil leis an bpobal trí mheán na teanga sin nuair is gá.

34 moladh ar fad a rinne lucht an Chomhchoiste ina dtuarascáil.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh i mí an Mhárta go raibh na moltaí sin “á mheas aige” agus go raibh cuid acu “iontach dearfach”.

Meastar go ndéanfaí cáineadh géar ar an Aire Stáit McHugh dá bhfoilseofaí an Bille agus gan mórán leasuithe ann seachas an méid a bhí sna cinnteidil.

Ó ceapadh ina Aire é an samhradh seo caite, is beag conspóid a raibh McHugh sáinnithe inti agus is beag cáineadh atá déanta ag eagraíochtaí teanga air.

D’fhéadfadh athrú teacht ar an scéal sin, áfach, dá bhfoilseofaí an Bille nua agus gan aon ghéilleadh ann maidir leis na moltaí éasgúla atá déanta ina thaobh.