Amhras caite ag MP an oileáin dáiríre é oileán aitheanta Gaeltachta

Dúirt Feisire de chuid an SNP in Albain nach ‘oileán ceart’ é Eilean Sgitheanach mar gheall ar an droichead a nascann an t-oileán leis an mórthír

Amhras caite ag MP an oileáin dáiríre é oileán aitheanta Gaeltachta

Tá amhras caite ag Feisire Parlaiminte de chuid an SNP in Albain faoi stádas Eilean Sgitheanach, oileán Gaeltachta in iarthar na tíre, mar ‘oileán ceart’.

Agus bille a thabharfadh breis cumhachtaí do chomhairlí oileán in Albain á phlé ag cruinniú coiste de chuid Thaigh an Ròid, parlaimint na hAlban, cheistigh John Mason cén fáth ar cuireadh Eilean Sgitheanach san áireamh ann.

“Ar aontaíodh d’aon ghuth gur cheart Eilean Sgitheanach nó a leithéid a chur san áireamh? Deirtear [sa bhille] go ndéantar neamhaird ar dhroichid, ach nach cinnte nach bhfuil na fadhbanna céanna farantóireachta agus iompair ag Eilean Sgitheanach is atá ag oileáin chearta?” a d’fhiafraigh Mason den Choiste Eacnamaíochta do Cheantair Iargúlta.

Thabharfadh an reachtaíocht a bhí á plé ag an gcruinniú breis cumhachtaí do na húdaráis áitiúla sna hoileáin ar fud na hAlban. Deimhníodh ag an gcruinniú go raibh Eilean Sgitheanach i measc na n-oileán a bhainfeadh leas as an reachtaíocht nua.

“Tá mé cinnte go n-aontaíonn muid go léir gur oileán ceart é Eilean Sgitheanach,” a dúirt cathaoirleach an chruinnithe, Edward Mountain.

Dúirt an Feisire Kate Forbes, atá ina cónaí san oileán gur údar iontais di nach raibh a fhios ag Mason gur oileán é Eilean Sgitheanach, agus go “gcaithfí liricí an amhráin Skye Boat Song a athscríobh” dá dtiocfadh fianaise chun cinn nárbh ea.

“Níl sna fadhbanna farantóireachta agus iompair ach tús an scéil, ceann caol den deacracht a bhíonn ag Eilean Sgitheanach, agus tá go leor oibre le déanamh ar na bóithre don turasóireacht, gan caint ar thithíocht agus ceangail leis an mórthír.

“Sin an fáth a bhfuil mé sásta go bhfuil Bille na nOileán á thabhairt chun cinn ag rialtas na hAlban, mar go ndéanfaidh sé difríocht mhór d’áiteanna amhail Eilean Sgitheanach,” a dúirt Forbes.

Ní hí seo an chéad uair a bhfuil a leithéid ráite ag an bhFeisire Mason. Dúirt sé le linn díospóireachta eile sa pharlaimint ag deireadh na bliana seo caite nach bhféadfaí oileán a thabhairt ar Eilean Sgitheanach mar gheall ar an droichead a cheanglaíonn an t-oileán leis an mórthír.

Baineadh a stádas mar oileán ó Shaoil, oileán in iardheisceart na tíre, in 2011 mar gheall ar a Dhroichead an Chlachain, a cheanglaíonn an t-oileán leis an mórthír. Baineadh an stádas sin mar thoradh ar dhíospóireacht faoi chiorruithe buiséid d’oileáin na hAlban.

Dúirt duine de lucht scríofa na reachtaíochta atá á plé faoi láthair, Darren Dickson, go raibh iontas air go mbíonn amhras ar dhaoine faoi stádas Eilean Sgitheanach mar oileán ach go raibh an cheist curtha cúpla uair ar an bhfoireann.

“Fiafraíodh dínn trí huaire an dtiocfadh Eilean Sgitheanach faoi scáth an Bhille — is léir nach bhfuiltear ag léamh na nótaí mínithe, ina dtugtar le fios go soiléir go bhfuil Eilean Sgitheanach san áireamh ann,” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Amhras caite ag MP an oileáin dáiríre é oileán aitheanta Gaeltachta'

  • Niall na Naoi bPiontaí

    Cuireann a leithéid seo de cheist iontas orm agus mé féin i mo chónaí ar “An tOileán Sciathánach”! Is oileán é agus is ea do bhí ann ó thús báire agus ainneoin go bhfuil droichead ann!

    Nasc ceangailte – fixed link – atá i gceist.

    Is oileán é maidir le dearcadh aisteach daoine freisin – dùradh linn agus muid ag plé na cúise turas amháin ar an nguthán le hóinseach “nach bhfuil a leithéid d’áit ann” ar chor ar bith!

    Go bhfóire Dia muid.