Leabhar bunaithe ar an scannán Gaeilge Amhrán na Mara le foilsiú

Beidh an leabhar ar fáil i siopaí leabhar ar fud na tíre an tseachtain seo chugainn chomh maith le dlúthdhiosca an fhuaimriain

Book Cover

Tá leabhar bunaithe ar an scannán Gaeilge Amhrán na Mara le foilsiú an tseachtain seo chugainn. Ba é Proinsias Mac an Bhaird, an fear a rinne an t-aistriúchán ar an script scannáin, a chuir Gaeilge ar an leagan leabhair de scéal Shaoirse agus Ben.

Tá an leabhar á fhoilsiú ag an gcomhlacht Coiscéim agus beidh sé ar fáil i siopaí leabhair ar fud na tíre ó lár na seachtaine seo chugainn. Cé go ndeir lucht déanta an scannáin go mbainfidh lucht féachana idir sé bliana agus ceithre scór blianta d’aois taitneamh as an mbeochan, is ar léitheoirí idir 6 agus 12 bliana d’aois a bheidh an leabhar dírithe.

Tháinig leagan Fraincise den leabhar amach tamall ó shin agus tá leagan Béarla de le foilsiú go luath freisin. Beidh fuaimrian an scannáin, a ainmníodh do ghradam Oscar, ar díol i siopaí ceoil ón lá amárach freisin.

Is iad an banna ceoil KÍLA a thaifead fuaimrian an scannáin i gcomhpháirt leis an gcumadóir Francach Bruno Coulais agus an t-amhránaí aitheanta Lisa Hannigan.

“Tá an scannán feicthe agam i gceithre theanga anois, i mBéarla, i bhFraincis, i nGaeilge agus i bPolainnis, agus an scéal léite agam i bhFraincis,” arsa Colm Ó Snodaigh, a d’oibrigh ar an scannán, an fuaimrian agus an leabhar.

“Tá an leagan Gaeilge den leabhar gleoite amach is amach. Tá na léaráidí go hálainn ann agus bainfidh duine ar bith a bhfuil spéis acu i ndúchas na nGael taitneamh as an scannán agus as an leabhar araon,”  a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Leabhar bunaithe ar an scannán Gaeilge Amhrán na Mara le foilsiú'

  • Breathnóir

    Tá an scannán ‘Amhrán na Mara’ go hálainn ar fad. Chonaic mé é i bpictiúrlann a bhí, faraor, beagnach folamh. Ba bhreá liom tuilleadh scannán a fheiceáil i nGaeilge sa phictiúrlann ach mura dtéann na Gaeil ann ní fiú do na pictiúrlanna iad a chur ar fáil i nGaeilge…