‘Amhrán an Bhonnáin Bhuí’ – leagan Gaeilge de mhórshaothar Vincent Woods ar stáitse na Taibhdheirce

I 1994 a léiríodh Song Of The Yellow Bittern den chéad uair, an leagan Béarla den dráma Amhrán an Bhonnáin Bhuí, atá á léiriú sa Taibhdheirce an tseachtain seo

‘Amhrán an Bhonnáin Bhuí’ – leagan Gaeilge de mhórshaothar Vincent Woods ar stáitse na Taibhdheirce

Amhrán an Bhonnáin Bhuí, leagan Gaeilge de dhráma Vincent Woods Song Of The Yellow Bittern, á léiriú sa Taibhdheirce an tseachtain seo.

I 1994 a léirigh compántas amharclannaíochta an Druid an dráma i mBéarla den chéad uair faoi stiúir Maelíosa Staffard agus is é Stafford atá i mbun an leagain Ghaeilge den dráma a léiriú don Taibhdhearc.

Suite i bpobal beag tuaithe i gcontae Liatroma, is scéal é Amhrán an Bhonnáin Bhuí a bhaineann le seacht nglúin agus atá fréamhaithe sna himeachtaí a bhain le cás cúirte a thóg bean Phrotastúnach in aghaidh sagart Caitliceach in 1828.

An file, scríbhneoir agus amhránaí Eoghan Mac Giolla Bhríde a d’aistrigh an dráma agus é bunaithe ar leagan an scoláire aitheanta Tomás de Bhaldraithe.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie dúirt Diarmuid de Faoite, atá i bpáirt na taibhse sa dráma, go bhfuil “an scéalaíocht féin mar dhlúthchuid den dráma” agus gur dráma é “a fheileann go hálainn don Ghaeilge”.

“Stair na mban in Éirinn, easpa cumhachta na mban in Éirinn agus streachailt an chine dhaonna na príomhthéamaí atá sa dráma. An rud atá ann, leanann fadhbanna muid go dtí go dtugann muid aghaidh orthu agus feictear sin i gcás an phríomhcharachtair Bet go háirithe,” a dúirt de Faoite.

Is í Tara Breathnach atá i bpáirt Bet agus is iad Lochlann Ó Mearáin, Orlaith Ní Chearra, Eoin Ó Dubhghaill, Eoin Geoghegan agus Eoin Mac Diarmada na haisteoirí eile atá sa chliar.

Tá an cumadóir Brendan O’Regan, a bhí i mbun an cheoil do Song Of The Yellow Bittern i 1994, ar ais i mbun cumadóireachta don leagan Gaeilge sa Taibhdhearc. Beidh ceol beo nuachumtha de chuid O’Regan le cloisteáil le linn an dráma agus é á sheinm ag Floriane Blancke, ar an fhidil agus Conor Connolly ar an bhosca ceoil.

Dúirt Aodh Ó Coileáin, cathaoirleach Bhord na Taibhdheirce gur “mórléiriú” d’Amharclann Náisiúnta Ghaeilge na hÉireann Amhrán an Bhonnáin Bhuí, ina bhfuil “cuid de na haisteoirí is fearr dá bhfuil againn in Éirinn faoi láthair” le feiceáil ann.

“Tá príomhcheoltóirí agus príomhdhearthóirí na tíre ag obair ar an léiriú i láthair na huaire agus is cúis áthais ag An Taibhdhearc a bheith in ann fostaíocht a chur ar fáil do na daoine tréitheacha seo.

“Rinne Maelíosa [Stafford] céadléiriú ar dhá dhráma de chuid Woods in Amharclann an Druid:  At the Black Pigs Dyke agus Song of the Yellow Bittern.  Is mór an t-áthas atá ar An Taibhdhearc an saothar deireanach sin a chur ar stáitse as Gaeilge den chéad uair riamh i gcathair dhátheangach na Gaillimhe,” a dúirt Aodh Ó Coileáin, Cathaoirleach Bhord na Taibhdheirce. 

– Beidh Amhrán an Bhonnáin Bhuí á léiriú sa Taibhdhearc go dtí an 15 Feabhra, seachas ar an 9 agus 10 Feabhra. Ticéid ar fáil anseo

Fág freagra ar '‘Amhrán an Bhonnáin Bhuí’ – leagan Gaeilge de mhórshaothar Vincent Woods ar stáitse na Taibhdheirce'