Amharclann Ghaoth Dobhair oscailte arís i ndiaidh 10 mbliana

D’oscail an tAire Stáit don Diaspóra Joe McHugh an amharclann athchóirithe sna Doirí Beaga

Amharclann Ghaoth Dobhair oscailte arís i ndiaidh 10 mbliana

Bhí Amharclann Ghaoth Dobhair sna Doirí Beaga i nGaeltacht Thír Chonaill lán go béal Dé hAoine seo caite nuair a osclaíodh í den chéad uair ó bhí 2007 ann.

Ba é an tAire Stáit don Diaspóra, Joe McHugh, a d’oscail an Amharclann go hoifigiúil le linn ceolchoirm mhór cheiliúrtha tráthnóna Dé hAoine.

Ba é McHugh, atá ina Theachta Dála do Dhún na nGall, a bhronn an deontas €485,000 ar Choiste Amharclann Ghaoth Dobhair a theastaigh don athchóiriú agus é ina Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta anuraidh.

Dúnadh an amharclann tuairim is deich mbliana ó shin ar chúinsí sláinte agus sábháilteachta agus bhí an complacht ‘Aisteoirí Ghaoth Dobhair’ gan aon cheannáras acu ó shin. Dúirt cathaoirleach Choiste Amharclann Ghaoth Dobhair go bhfuiltear “an-sásta” go bhfuil an amharclann Ghaeltachta oscailte arís.

“Tá muid thar a bheith sásta. Tá deich mbliana fada caite againn ag iarraidh an togra seo a chríochnú agus is maith go bhfuil áit mar seo againn i gcroílár na Gaeltachta. Níl amharclann ar bith eile sna ceantair Ghaeltachta ar fad atá ar comhchaighdeán léi seo,” a dúirt sé.

Thosaigh an ceiliúradh luath maidin Dé hAoine ag an Amharclann nuair a craoladh eagrán speisialta den chlár Barrscéalta beo ón láthair. Chuir bannaí ceoil áitiúla tús leis an oscailt oifigiúil ag thart ar 5.30 tráthnóna sular oscail an tAire McHugh an áit go hoifigiúil.

Lean an cheolchoirm ar aghaidh ina dhiaidh sin, ag 7 a chlog agus bhí scoth na gceoltóirí Gaeltachta, leithéidí Chlann Mhic Ruairí, Connie Mhary Mhicí agus an Crann Óg i measc go leor eile, ar an ardán athchóirithe. Ghlac an damhsóir aitheanta Gaeltachta Breandán de Gallaí páirt sa cheolchoirm athoscailte freisin, agus léirigh dreamanna eile agallaimh beirte agus píosaí drámaíochta. Craoladh an cheolchoirm beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, agus í á cur i láthair ag Áine Ní Churráin.

Lean an clár ceiliúrtha ar aghaidh i gcaitheamh an deireadh seachtaine, agus ‘Lá na nÓg’ ar siúl maidin Dé Sathairn. Bhí na páistí ó naíonraí na háite

stáitse ar maidin le dánta agus amhrán a rá. Daltaí na mbunscoileanna i nGaeltacht thuaisceart Thír Chonaill ar stáitse tráthnóna Dé Sathairn le drámaí éagsúla a léiriú. Beidh ócáid ar leith ar siúl do dhaltaí Phobalscoil Ghaoth Dobhair amach anseo.

D’fhill Aisteoirí Ghaoth Dobhair ar ardán Amharclann Ghaoth Dobhair den chéad uair oíche Dé Sathairn nuair a léiríodh Sadhbh le John B Keane. Eve Ní Dhoibhlín a bhí sa phríomhról agus ochtar eile ina teannta ar an ardán: Beirní Ní Dhuibhir, Suzanne Ní Ghallchóir, Seán Ó Gallchóir, Cathal Ó Gallchóir, Eoghan Mac Giolla Bhrighde, Colm Mac Giolla Easbuic, Aodán Ó Cearbhaill agus Conor Ó Gallchóir. Ba é Pól Mac Cumhaill, Cathaoirleach Choiste Amharclann Ghaoth Dobhair, a bhí a bhí i mbun léirithe.

Ba í an t-aisteoir Conallach mór le rá Áine Nic Giolla Bhríde, nach maireann, a d’aistrigh go Gaeilge bunsaothar John B Keane. Bhí Annie Chonaill’, mar ab fhearr aithne uirthi, ina ceannródaí ar Aisteoirí Ghaoth Dobhair. Bhunaigh a deartháir, Eoghan Mac Giolla Bhríde an complacht i 1931 agus chuir drámaí ar fáil dóibh. Bhásaigh Eoghan in 1939, áfach, agus thit cúram Aisteoir Ghaoth Dobhair ar a dheirfiúr.

Dé Domhnaigh, bhí ‘ceol, craic agus caifé’ ar fáil i bhforhalla nuathógtha na hamharclainne agus cuireadh fáilte roimh mhuintir na háite teacht isteach chun an foirgneamh athchóirithe a fheiceáil.

Cuireadh síneadh leis an bhfoirgneamh mar chuid den athchóiriú agus is ann atá an forhalla nua. Tá seomraí feistis nua agus leithris nua sa síneadh a cuireadh leis an amharclann. Tá carrchlós nua ag an amharclann anois freisin. Caitheadh €850,000 ar fad ar an athchóiriú.

Tá spás do 300 duine san amharclann féin, agus tá seomraí ar fáil do ranganna, ceardlanna, ceolchoirmeacha agus seimineáir san áit anois.

Dúirt Pól Mac Cumhaill go bhfuil Coiste Amharclann Ghaoth Dobhair ag súil le fáilte a chur roimh ghrúpaí éagsúla sna blianta amach romhainn san ionad nua.

“Tá an féilire ag líonadh go deas cheana féin. Tá seó damhsa Bhreandáin Uí Ghallaí le bheith againn, beidh Altan anseo, agus Clannad freisin, agus tá súil againn leithéidí Kíla agus dreamanna eile mar sin a fháil fosta.

“Beidh an comórtas Abair Amach ar siúl i mí Aibreáin agus tá go leor rudaí eile beartaithe don samhradh, Féile an Earagail i mí Iúil, agus dráma ó Aisteoirí na nDúnaibh fosta,” a dúirt sé.

Dúirt Mac Cumhaill go bhfuil “buíochas mór” ag dul don Choiste ar fad a d’oibrigh go crua ar feadh na ndeich mblianta atá imithe tharainn leis an amharclann a athoscailt.

Fág freagra ar 'Amharclann Ghaoth Dobhair oscailte arís i ndiaidh 10 mbliana'