Amharc aduaidh ar an toghchán ó dheas – cad a chiallaíonn an toradh don pholaitíocht ó thuaidh?

Ba é teachtaireacht na náisiúnach, do pé rialtas nua a bheidh ann, ná go bhfuil obair phráinneach le déanamh i Stormont, ach dúghafa le Sinn Féin atá aontachtaithe

Arlene Foster Enda Kenny

“Beidh an saol níos suairce ag aontachtaithe má dhéanann Fine Gael agus Fianna Fáil margadh a choinneoidh Sinn Féin as cumhacht.”

B’in é breithiúnas an Newsletter, an páipéar aontachtach i mBéal Feirste. Ina eagarfhocal maidin Dé Luain, dúradh go raibh sé sách deacair déileáil le Sinn Féin mar a bhí, gan iad a bheith ag rialú ar dhá thaobh na teorann.

N’fheadar ar shíl an Newsletter go raibh éirithe níos fearr le Sinn Féin ná mar a tharla, nó an é nár chreid an nuachtán iad nuair a dúradar nach ngabhfaidís i gcomhrialtas mar pháirtí sóisearach. Cibé, is annamh a bhíonn imeachtaí sa deisceart mar phríomhscéal agus mar ábhar eagarfhocail ag an Newsletter agus ba léiriú é páipéar an Luain cé chomh dúghafa is atá aontachtaithe le Sinn Féin. Dhírigh an príomhscéal ar bhrón íobartaigh a d’fhulaing foréigean an IRA faoi fhás Shinn Féin, agus cé gur mhaígh an t-eagarfhocal gur bheag an tábhacht d’aontachtaithe cén sórt rialtais a bhunófaí, bhí go leor ag amharc aduaidh.

Céard a bhí á rá ag na vótóirí sa toradh drámatúil a bhí ar an olltoghchán? Agus a chiallaíonn an toghchán don phobal ar thaobh thuaidh na teorann?

Ó sé Sinn Féin an t-aon pháirtí a sheasann i dtoghcháin thuaidh agus theas tá tábhacht ar leith ag an chaoi a chruthaigh an páirtí sa deisceart i gcomhthéacs thoghchán an Tionóil sa Bhealtaine. Bhí súil acu go mbeidís ag tabhairt aghaidhe ar an bhfeachtas i dTuaisceart Éireann tar éis bua diamhair ó dheas. Sin é an rud is lú a bhí á éileamh ag cuid dá lucht tacaíochta a airíonn go ndearna Sinn Féin neamhshuim den tuaisceart ar mhaithe lena bhfiontar sa deisceart. Mhéadaigh an páirtí líon a dTeachtaí Dála ach ní scéal dearfach amach is amach a bheidh acu ag dul ag doirse abhus. Chaill siad Padraig Mac Lochlainn agus theip orthu i dtoghcheantair ina raibh súil acu le suíocháin.

Is dual do Shinn Féin a rá gur den eite chlé iad. Ní gach duine a ghlacann leis an tuairim sin ach; fiú dá nglacfaí, níor fágadh an gort sin fúthu féin amháin Dé hAoine seo thart. Bhí siad in iomaíocht leis an AAA/PBP. Is léir gur bhain PBP siar as SF i dtoghchán na comhairle d’iarthar Bhéal Feirste. Tá siad ag feachtasaíocht chun a dhul i ngleic leis sin le bliain, geall leis. Léirigh an toghchán ó dheas nach mbeadh cead a gcinn acu ar an eite chlé. Thairis sin, mar pháirtí náisiúnach, bhí siad ag iarraidh Fianna Fáil a lagú ach fuair Micheál Martin an ceann is fearr orthu.

Drochsheans go n-admhóidh siad gur tugadh céim ar gcúl ina bhfeachtas ach is cinnte go dtreiseoidh siad ar a n-iarrachtaí as seo amach. Is dual dóibh a bheith ag pleanáil go fadtéarmach iad. D’aithin cuid dá lucht tacaíochta gur bhuntáiste a bheadh ann dóibh a bheith mar phríomhpháirtí an fhreasúra i dTeach Laighean ach níl páirtithe eile dall ar sin.

Údar uchtaigh do chúpla duine san SDLP ab ea aiséirí Fhianna Fáil fiú más téarnamh teoranta é. Bhí súil acu go mb’fhéidir go bhféadfadh an SDLP an rud céanna a dhéanamh ó bhí sé léirithe ag Fianna Fáil nach ligfidís do Shinn Fein iad a alpadh. B’fhéidir go bhfuil sé romhall ag an SDLP; mura bhfuil, níor mhór dóibh ceacht a fhoghlaim ó Fhianna Fáil, faoi chúrsaí toghchánaíochta go háirithe. Scéal thairis é ach thugtaí an ‘single transferable speech’ ar chur chuige John Hume maidir le teachtaireacht an SDLP a chraobhscaoileadh arís. Níor mhiste don cheannaire reatha smaoineamh air sin má tá teachtaireacht aige.

Sa mullach ar a bhfuil i gceist do na páirtithe fágfaidh an éiginnteacht faoi chomhdhéanamh an rialtais ó dheas a lorg ar an phróiseas polaitíochta abhus. Ní raibh comhrialtas Fhine Gael agus Pháirtí an Lucht Oibre chomh gníomhach i mbun a ndualgas i leith Chomhaontú Aoine an Chéasta agus ba mhaith le náisiúnaithe. Tuigtear gur thugadar tosaíocht don tubaiste eacnamaíochta ach ba é teachtaireacht na náisiúnach don rialtas nua, pé ar bith dream a bheidh ann, ná go bhfuil obair phráinneach le déanamh i Stormont. Deirtear leo gurb é gnó rialtas na hÉireann féachaint chuige nach gcliseann an Bhreatain ná éinne eile ar an gComhaontú agus nach leithscéal é a bheith cruógach i mBaile Átha Cliath.