Amárach, Vín. An bhliain seo chugainn: Amstardam, Páras agus Beirlín?

D’fhéadfadh muintir na hOstaire polaiteoir frith-Ioslamach a thoghadh ina uachtarán amárach. Má tharlaíonn sin, an scaipfidh rabharta nua faisisteachais trí chroílár na hEorpa?

Amárach, Vín. An bhliain seo chugainn: Amstardam, Páras agus Beirlín?

Norbert Hofer

Fear é Norbert Hofer a mbíonn gunna Glock ar iompar aige agus é ag canbhasáil agus a deir ‘nach bhfuil spás san Ostair don Ioslam’. Amárach, d’fhéadfadh muintir na hOstaire é a thoghadh ina uachtarán ar a dtír. Má thoghann, seans nach é an t-aon cheannaire de chuid na heite fíordheise a thiocfaidh i gcumhacht san Eoraip as seo go ceann bliana.

Toghchán uachtaránachta na hOstaire ar dtús: ba gheall le sobaldráma é go dtí seo. 

Sa chéad bhabhta, thiar i mí Aibreáin, d’éirigh le Norbert Hofer, iarrthóir Pháirtí Shaoirse na hOstaire (FPÖ) an lámh in uachtar a fháil ar an dara hiarrthóir ba láidre, Alexander Van der Bellen, iarrthóir neamhspleách a bhfuil ceangal láidir idir é agus Páirtí Glas na hOstaire. Níor éirigh le hiarrthóir ar bith tromlach glan a bhaint amach, áfach, agus b’éigean toghchán réitigh a reáchtáil. Sa dara babhta sin, i mí na Bealtaine, fuair Van der Bellen an bua ar Hofer. Ní raibh eatarthu, áfach, ach 0.6 faoin gcéad de na vótaí. Thug páirtí Hofer dúshlán oifigiúil, agus seachtain sula ndéanfaí Van der Bellen a insealbhú, chuir Cúirt Bhunreachtúil na hOstaire toradh an dara babhta ar ceal. Bhí an dara babhta le reáchtáil as an nua ar an 2 Deireadh Fómhair, ach cuireadh ar athló é go dtí an lá amárach.

Agus dá n-éireodh le Norbert Hofer sa vóta cinniúnach? Ach an oiread le huachtarán na hÉireann, níl mórán cumhachta ag uachtarán na hOstaire dáiríre. Ról siombalach atá aige den chuid is mó.

An siombalachas sin, áfach, atá ag cur imní ar chuid mhór tráchtairí. Den chéad uair riamh ón Dara Cogadh Domhanda i leith, d’fhéadfadh polaiteoir de chuid na heite fíordheise a bheith ina cheann stáit ar thír Eorpach; seans go gcuirfeadh sé sin deireadh le pé drogall a bheadh ar Eorpaigh eile vóta a thabhairt d’iarrthóirí de chuid na heite fíordheise ina dtíortha féin. Má thograíonn muintir mheasúil na hOstaire go bhfuil an frith-Ioslamachas inghlactha, cén dochar…? 

As seo go ceann bliana, reáchtálfar toghcháin thábhachtacha in ar a laghad trí cinn de na ballstáit a bhunaigh an tAontas Eorpach. Beidh olltoghchán san Ísiltír i mí na Márta, reáchtálfar toghchán uachtaránachta sa Fhrainc i mí Aibreáin, agus beidh olltoghchán sa Ghearmáin i dtús an Fhómhair. 

Tá seans áirithe ag fear frith-Ioslamach na hÍsiltíre, Geert Wilders, an bua a fháil in olltoghchán mhí na Márta (drochsheans go n-éireodh leis comhrialtas a bhunú ina dhiaidh sin, ach sin ceist eile.) Táthar ag ceapadh go n-éireoidh le Marine Le Pen, iarrthóir Front National na Fraince, an dara babhta sa toghchán uachtaránachta a bhaint amach. An chuma atá ar chúrsaí faoi láthair, chuirfeadh sé ionadh ar go leor dá n-éireodh le Frauke Petry, iarrthóir an pháirtí fhrith-Ioslamaigh agus fhrith-Eorpaigh Alternative für Deutschland an ruaig a chur ar Angela Merkel sa Ghearmáin. Ach dá dtoghfaí ceannaire frith-Ioslamach san Ostair amárach, san Ísiltír i mí an Mhárta, agus sa Fhrainc mí nó dhó ina dhiaidh sin? An bhfuil rabharta nua faisisteachais ar tí an Eoraip a bhá?

D’fhéadfadh dul amú a bheith orm, ach bheinnse den tuairim nach mbeidh oiread sin tionchair ag toghchán an lae amárach san Ostair ar vótóirí i dtíortha eile sa Eoraip. Ón aithne atá agam ar mhuintir mo thíre dúchais féin, an Ísiltír, ba chuma sa sioc leo cé a bheadh i gceannas i dtírín bheag sna hAlpa. Ba chuma sa sioc, ach go háirithe, leo siúd a thabharfadh vóta d’iarrthóir de chuid na heite deise: cúrsaí a dtíre féin an chloch is mó ar phaidrín an dreama seo. Lena chois sin, cheapfainn go spreagfadh bua de chuid na heite fíordheise san Ostair vótóirí de chuid na heite clé i dtíortha eile san Eoraip chun dul amach agus vóta a chaitheamh dáiríre, in iarracht bua de chuid na heite fíordheise a chosc ina dtíortha féin.

Idir an dá linn, áfach, tá toghchán cinniúnach an lae amárach tar éis dul i bhfeidhm go mór ar mhuintir na hOstaire féin. San fhíseán seo, impíonn seanbhean as cathair Vín, a tugadh go campa báis Auschwitz le linn an Dara Cogadh Domhanda ach a tháinig tríd, ar mhuintir a tíre cosc a chur le fás na heite fíordheise – ar eagla go mbeadh an athstair ann. 

Fág freagra ar 'Amárach, Vín. An bhliain seo chugainn: Amstardam, Páras agus Beirlín?'

  • Seán Ó Floinn

    Níor mhínigh tú cén fáth gur faisisteach é Hofer. Tá sé i gcoinne Ioslaim ceart go leor, ach an leor sin le bheith i d’fhaisisteach? De réir mo thuisceana féin, is ceannaire faisisteach é an té atá ag iarraidh stát ollsmachtach aon-pháirtí a chur i bhfeidhm, fáil réidh leo siúd a chuireann ina choinne, forlámhas ciníoch a chur chun cinn, srl. Anuas air sin, is téarma é ‘faisisteach’ a bhaineann le polaitíocht radacach na dtríochaidí san Iodáil, sa Ghearmáin agus sa Spáinn. Ní oireann sé mar théarma don saol comhaimseartha. B’fhéidir go bhfuil nua-Naitsithe a bhfuil sé mar sprioc oscailte acu aithris a dhéanamh ar Hitler ach níl aon tacaíocht ann dóibh. Ní fheictear dom go bhfuil tréithe an fhaisisteachais ag Hofer nó ag na polaiteoirí a luaigh tú. Glacann siad ar fad leis an gcóras daonlathach agus diúltaíonn siad don fhoiréigean agus don fhorlámhas ciníoch. Arís, léiríonn tú san alt seo nach bhfuil fios do ghnó agat mar thráchtaire ar an bpolaitíocht. An ‘anailís’ é an faististeachas a lua le daoine nach n-aontaíonn tú leo gan chúis nó míniúchán ceart a thabhairt ar an bhfáth a nglaonn tú sin orthu?