Alt eile ag caitheamh anuas ar an nGaeilge? In ainm Chroim, ná léimis agus ná scaipimis é!

Ní fiú argóintí frith-Ghaeilge a bhréagnú sa tslí is nach fiú francach a bheadh i do thigh a mharú ar eagla go dtiocfadh deich gcinn acu ar an tórramh

Alt eile ag caitheamh anuas ar an nGaeilge? In ainm Chroim, ná léimis agus ná scaipimis é!

Táid ann a cháineann na meáin Ghaeilge de bharr an iomad tráchta a bheith iontu ar an gcineál ainnise a fhulaingíonn an cainteoir Gaeilge sa tír, ach gan dabht, ní ann don nuachtán Béarla a cheadaíonn don Ghael é féin a chosaint ar an méid a chaitear leis, agus caithfimid an scéal a chur trí chéile in áit éigin, ná caithfimid?

‘Biogóideacht’ an téarma is cruinne agus sinn ag tagairt don sórt dearcaidh atá á léiriú i leith na Gaeilge sa líon suntasach alt gránna ar ar tháinig méadú suntasach le bliain anuas sna nuachtáin náisiúnta. Ná cuirimis aon nasc ar fáil ná ná luaimis aon ainm – ba róchuma lena leithéid go dtabharfaí ‘biogóidí’ orthu ach a bhfaighidís beagán poiblíochta dá dhroim. Ach is ea mhuis, ‘biogóideacht’ is ea é, ón uair go ndírítear go leatromach ar aon phobal mionlaigh amháin go scríobhtar go béadchainteach le héitheach fé. Agus ‘biogóideacht’, de rogha ar ‘ciníochas’, ar an ábhar gur rófhuirist do dhuine a áiteamh (go hearráideach) gur Éireannaigh sinn ar fad agus nach ‘ciníochas’ é an leithcheal a dhéanfadh duine ar a chomhshaoránach.

Dealraíonn sé gurb í fís na n-údar seo ná go mba aon náisiún grámhar amháin sinn, cách ar chuma a chéile, sinn ar fad mar an gcéanna, ar aon fhocal Angla-Éireannach amháin.

Ach dála na ceiste a ardaítear ar uairibh i dtaobh cheannaireacht an Éirí Amach, cén ‘mhandáid’ atá acu seo dona gcuid athbhreithniúchais? Cé uaidh a fuarthas an t-údarás le bheith ag scríobh thar ceann mhuintir na hÉireann ar cheist na Gaeilge agus iad chomh mór ina coinne? Ní ó ghnáthshaoránaigh na tíre é agus ní thagann a mbriathra binbeacha siúd le mian an mhórphobail in aon chor. Ach is í fírinne an scéil anois ná ná géilltear guth don ‘Ghaeilgeoir’ ar an ardán náisiúnta.

Is é a déarfainnse go dána mar sin ná gur ó lucht labhartha na Gaeilge féin a fhaigheann an ghlúin seo iriseoirí a ‘mandáid’ i gcoinne na Gaeilge, agus é sin tríd an aird a thugaimid ar a gcuid alt – iad á roinnt ar an gcóras giolcaireachta againn, aghaidheanna feargacha Facebook ag cur barr míshástachta in iúl, cuntais leis an Irish Times á n-oscailt d’fhonn tráchta cliste as dea-Bhéarla a fhágaint ag bun an leathanaigh. Tá an droch-iriseoir beo ar an drochphoiblíocht a thugaimidne dóibh. ‘Clicmhealladh’ is ea na hailt a scríobhann siad. Ní fiú a gcuid argóintí a bhréagnú sa tslí is nach fiú francach a bheadh i do thigh a mharú ar eagla go dtiocfadh deich gcinn acu ar an tórramh.

Ná léimis na hailt seo a thuilleadh mar sin. An té nach ligfeadh an fhiosracht dó gan súil a chaitheamh ar na heiseamláirí seo den bhiogóideacht, in ainm Chroim, ná scaipeadh sé go buacach ar na meáin shóisialta iad. An féidir linne, Gaeil, socrú a dhéanamh lena chéile ar an gceist seo?

Tuigimid go léir gur drochargóintí seanchaite a bhíonn iontu, agus dá mhéad na freagraí ciallmhara a thabharfaimis orthu, tá sé ráite riamh go mbuann an raimhreacht ar an bhfoghlaim. Ná tógaimis aon cheann dóibh. Caithimis ár ndúthracht, más ea, ar thograí dearfacha cruthaitheacha amháin. Tá an saol róghearr d’aon ní eile.

Fág freagra ar 'Alt eile ag caitheamh anuas ar an nGaeilge? In ainm Chroim, ná léimis agus ná scaipimis é!'