‘Alraight, alraight, alraight!’ – cuireadh chun foghlama sa Ghaeltacht tugtha do Mhatthew McConaughey

Tá cuireadh go dtí an Ghaeltacht tugtha ag coláistí samhraidh do Matthew McConaughey agus a chlann i ndiaidh don aisteoir a rá go mba mhaith leis a leanaí a chur ag foghlaim na teanga sa Ghaeltacht

‘Alraight, alraight, alraight!’ – cuireadh chun foghlama sa Ghaeltacht tugtha do Mhatthew McConaughey

Tá cuireadh chun foghlama tugtha ag coláistí samhraidh do Matthew McConaughey, an t-aisteoir mór le rá a thug le fios in agallamh nuachtáin go bhfuil fonn air a leanaí a chur go dtí an Ghaeltacht.

In agallamh a foilsíodh ar an Irish Sun inniu, dúirt an t-aisteoir, arb as an gCabhán agus Muineachán do mhuintir a mháthar, go raibh sé an-mhórtasach as a dhúchas Éireannach agus go mba mhaith leis go mbeadh tuiscint ag a chlann féin ar an dúchas sin.

“When they’re older, I want to send them to that Irish language summer camp you guys do, it’s like a rite of passage for you guys, isn’t it? When you’re teenagers. I want them fluent — which means I gotta do a crash course too,” a dúirt sé.

Idir an dá linn, tá cuireadh go dtí an Ghaeltacht tugtha cheana féin ag coláistí samhraidh do chlann McConaughey.

Dúirt urlabhraí ó Chomharchumann Chorca Dhuibhne go raibh “míle fáilte” roimh McConaughey féin clárú le ceann de chúrsaí an Chomharchumainn do dhaoine fásta, agus go gcuirfí an fháilte chéanna amach anseo roimh a leanaí – Levi (8), Vida (6) and Livingston (4) – má tá fonn orthu freastal ar chúrsa samhraidh i gCiarraí.

“Tá mile fáilte roimh mhuintir McConaughey teacht anseo chugainn chun blaiseadh a fháil den dteanga bheo agus dá hoidhreacht shaibhir i nGaeltacht álainn Chorca Dhuibne.

“Bíonn cúrsaí againn i gcaitheamh na bliana chomh maith a d’oirfeadh do Mhatthew féin agus is minic go mbíonn eachtrannaigh ag foghlaim linn,” a dúirt urlabhraí ó Chomharchumann Chorca Dhuibhne.

Chuirfí fáilte mhór roimh mhuintir McConaughey i gConamara chomh maith más faoin aisteoir, a bhfuil duais Oscar buaite aige, beart a dhéanamh de réir a bhriathair agus a chlann a chur ag foghlaim na teanga sa Ghaeltacht.

Dúirt urlabhraí ó Choláiste Chiaráin ar an gCeathrú Rua go bhfuil an t-aisteoir le moladh as an meas atá léirithe aige ar dhúchas a mhuintire agus go gcuirfeadh an coláiste Gaeilge i gConmara fáilte roimh mhuintir McConaughey.

“Is léir an meas atá aige ar a ghaol sinsearachta le cultúr agus teanga na hÉireann agus cuirfear fáilte chroíúil roimhe go Conamara má tá sé ag iarraidh go mbeadh meas agus tuiscint ag a chlann ar an teanga,” a dúirt urlabhraí ó Choláiste Chiaráin.

Is as an mBrasáil do bhean McConaughey agus dar leis go bhfuil an t-ádh lena gclann ó thaobh an dúchais de.

“Irish-Brazilian, how great is that? Connected to two of the most vibrant, colourful, exciting cultures on the planet.

“Both very different ,yet with so many similarities. It’s beautiful. It’s a gift.”

Thug an t-aisteoir as Texas samhradh ina chónaí i mBaile Átha Cliath in 2001 agus é ag obair ar an scannán Reign of Fire, agus chuaigh an tréimhse sin i bhfeidhm go mór air.

Bhraith sé gur ‘ag teacht abhaile’ a bhí sé in Éirinn, a dúirt sé.