Alicia Keys ag moladh #NoMakeup

Níl áilleacht Alicia Keys ó nádúr ag gach bean le gur féidir an smideadh a chaitheamh uainn ar fad, a deir ár gcomhfhreagraí

alicia keys no makeup

Thug mé faoi deara le gairid chomh hálainn agus a bhreathnaigh an t-amhránaí cáiliúil Alicia Keys agus í ar chlár teilifíse Graham Norton. An rud ba shuntasaí ar fada fúithi ná go raibh sí ansin ar an scáileán agus gan oiread na fríde de smideadh uirthi.

Tá sí i mbun feachtais le tamaillín anuas ag moladh do mhná gur cheart dóibh cúl ar fad a thabhairt don smideadh agus an haischlib #NoMakeup á úsáid aici.

Thosaigh sé mar ghníomh pearsanta aici féin ach tá sí ag súil anois gur tús réabhlóide a bheas ann.

Níl amhras ar bith faoin gcáil agus faoin meas atá ar Alicia Keys ar fud an domhain. Is ceannródaí í a bhfuil 15 gradam Grammy buaite aici mar amhránaí, mar chumadóir agus mar aisteoir.

Ag scríobh amhráin dá dlúthdhiosca nua a bhí sí nuair a thosaigh sí ag smaoineamh faoin méid dá pearsantacht agus dá saol féin a bhí á choinneáil i bhfolach aici ón bpobal. Ba chomhartha soiléir den íomhá bhréagach sin an oiread smididh agus a bhí á úsáid aici, a mheas sí.

Go dtí sin dhiúltaíodh sí dul thar doras amach mura mbeadh a cuid smididh foirfe ar fad. Bhíodh faitíos a croí uirthi go dtógfadh duine éigin pictiúr di agus níos measa fós, go bhfoilseofaí an pictiúr sin go poiblí. Dá mhéid machnaimh a rinne sí ar an ábhar is mó a mhéadaigh a cuid misnigh. 

In amhrán amháin a chum sí ag an tráth sin faoin teideal “When a Girl Can’t Be Herself,” bhí an véarsa seo:

In the morning from the minute that I wake up

What if I don’t want to put on all that makeup

Who says I must conceal what I’m made of

Maybe all this Maybelline is covering my self-esteem

I dtráth an ama chéanna, bhuail sí leis an ngrianghrafadóir Paola Kudacki do sheisiún grianghrafadóireachta don albam nua. Ó sheisiún aclaíochta sa gym a tháinig Alicia Keys chuig an gceamaradóir, í báite le hallas agus gan smideadh dá laghad uirthi. D’éirigh leis an ngrianghrafadóir a chur ina luí uirthi go mbeadh na pictiúir a thógfaí níos fearr agus níos oiriúnaí do cheol an albaim dá dtógfaí iad go nádúrtha gan smideadh ar bith. B’in tús an aistir a thug ar Alicia Keys dul i mbun stocaireachta dá réabhlóid #NoMakeup.

Scríobh sí alt faoina dearcadh le gairid ar nuachtlitir cháiliúil Mheiriceánach a fhoilsíonn Lena Dunham: “I found my way to meditation, and I started focusing on clarity and a deeper knowing of myself. And I promised I would approach things differently this time regarding my image and allow my real self, as is, to come through,” a scríobh sí.

An éireoidh lena feachtas agus an bhfuil réabhlóid nua buailte linn? Is deacair a rá ach tá scríbhneoirí faisin go leor den tuairim go bhfuil sé ceart go leor ag duine atá chomh dóighiúil ón nádúr le Alicia Keys cúl a thabhairt leis an smideadh ach nach maith a d’oirfeadh sin do gan bean.

Measaim féin gur ceist í seo a chaithfear a fhágáil ag an duine aonair féin le freagairt – an dteastaíonn nó nach dteastaíonn uait smideadh a chaitheamh? Ní fiú dúinn géilleadh go hiomlán don té a déarfadh linn an smideadh a chaitheamh uainn ar fad ná don té a deir go gcaithfidh muid smideadh a bheith orainn ó mhaidin go hoíche. Níor cheart aird ar bith a thabhairt ar an nós atá coitianta go leor anois – daoine a náiriú de bharr an méid smididh a chaitheann siad; níl ansin ach bulaíocht.

Tá rogha níos ciallmhaire ann – smideadh de do rogha féin a chaitheamh nuair a mheasann tú go bhfuil sé uait.

Seachas an haischlib #NoMakeup, b’fhearr liom féin an rogha phearsanta sin a fhágáil faoin duine féin – b’fhearr liomsa an haischlib #SmideadhFútFéinanRogha. 

Fág freagra ar 'Alicia Keys ag moladh #NoMakeup'