Alan Esslemont ceaptha ina Ard-Stiúrthóir ar TG4

Is é Alan Esslemont an tríú ceannasaí ar an stáisiún Gaeilge atá ag ceiliúradh 20 bliain ar an bhfód Oíche Shamhna

Alan Esslemont ceaptha ina Ard-Stiúrthóir ar TG4

Is é Alan Esslemont atá ceaptha ina Ard-Stiúrthóir ar TG4, an tríú ceannasaí ar an stáisiún.

D’oibrigh an tAlbanach le TG4 ó thréimhse a bhunaithe go dtí gur fhág sé chun dul ag obair le BBC Alba nuair a athcheapadh Pól Ó Gallchóir ina cheannaire ar an stáisiún Gaeilge in 2008.

Tá Ó Gallchóir ag éirí as a chúram mar Ard-Stiúrthóir ag deireadh na míosa seo. Tháinig Ó Gallchóir i gcomharbacht ar cheannasaí bunaithe Theilifís na Gaeilge, Cathal Goan, 16 bliain ó shin.

Bhí Esslemont, a chuir isteach ar an bpost is sinsearaí i TG4 nuair a fógraíodh go deireanach é ocht mbliana ó shin, ina Cheannasaí Ábhar le Seirbhís Gàidhlig BBC Alba.

Cé go bhfuil sé ag obair in Albain le hocht mbliana anuas, tá sé féin agus a chlann lonnaithe i gCinn Mhara i gCamas i nGaeltacht Chonamara.

Is do Esslemont agus Siún Ní Raghallaigh, atá anois ina Cathaoirleach ar Bhord TG4, is mó a thugtar aitheantas as an athbhrandáil radacach a deineadh ar an stáisiún Gaeilge ag casadh na mílaoise, tráth ar athraíodh ainm an chraoltóra ó ‘Teilifís na Gaeilge’ go TG4.

Meastar go gcuirfear fáilte i mBaile na hAbhann roimh cheapachán Esslemont a raibh an-chion ag foireann an stáisiúin air le linn a thréimhse ag obair ann.

Tá meas ar Esslemont go háirithe mar gheall ar a chumas i mbun na pleanála straitéise i dtaca le sceidil a leagan amach.

Thréaslaigh an tAire Cumarsáide Denis Naughten a cheapachán le Esslemont.