Al Porter le filleadh ar ‘GaelGÁIRÍ’  ag an Galway Comedy Carnival

Beidh an seó grinn ar siúl ag deireadh mhí Mheán Fómhair i gCathair na dTreabh

Al Porter le filleadh ar ‘GaelGÁIRÍ’  ag an Galway Comedy Carnival

Tá an fear grinn as Tamhlacht, Al Porter, le seó grinn Gaeilge a dhéanamh arís mar chuid de GhaelGáirí ag an Galway Comedy Carnival an mhí seo chugainn.

Bhí Porter ar ardán na féile anuraidh in éineacht le Tommy Tiernan, atá ina chónaí i nGaeltacht na Gaillimhe. An uair seo, beidh Martin Angolo, Ger Staunton, Julie Jay agus Áine Gallagher ann.

Dúirt Jay, atá ag eagrú an tseó Gaeilge don fhéile, le Tuairisc.ie go bhfuil lucht GaelGÁIRÍ “ar bís” toisc go mbeidh Al Porter leo arís i mbliana.

“Ní rabhas féin ann anuraidh, nuair a bhí Tommy Tiernan ann chomh maith, ach chualas go raibh Al go hiontach. Tá Al chun a stuif nua a dhéanamh, tá seó nua aige i nDún Éideann anois agus tá sé chun é a úsáid mar bhunús dá sheó Gaeilge anseo.

“Campus Maximus an teideal atá ar an seó nua, agus táimid ag súil go mór lena fheiscint i nGaelainn. Tá Gaelainn mhaith ag Al agus is fear an-chliste agus an-ghreannmhar é freisin,” a dúirt Julie Jay.

Is é GaelGÁIRÍ an t-aon chumann grinn Gaeilge in Éirinn agus tá seónna déanta acu ar fud na tíre, go mór mór i gClub Chonradh na Gaeilge, an áit ar thosaigh siad cúpla bliain ó shin.

Cé go bhfuil seónna déanta aige i nGaeilge cheana féin agus dea-thoil léirithe aige don teanga, chuir Porter isteach ar roinnt cainteoirí Gaeilge anuraidh le ráiteas a rinne sé faoi Ghaeilge Dhún na nGall ina cholún ar an Irish Daily Star.

Ag tagairt dó don scéal gur mhaith leis an aisteoir Matthew McConaughey a leanaí a chur ag foghlaim na Gaeilge sa Ghaeltacht, scríobh Porter go mb’fhearr don réalta Hollywood a chlann a chur go dtí an Ghaillimh seachas go dtí Dún na nGall.

Thug Porter le fios go raibh taithí aige ar Ghaeilge Dhún na nGall toisc gur iomaí samhradh a chaith sé in Árainn Mhór.

Ach ba í an chúis eile a luaigh sé leis an gcomhairle a bhí aige do McConaughey a thuill caitheamh anuas agus cáineadh ó mhuintir Dhún na nGall ar na meáin shóisialta.

“Donegal Irish is one inbred child away from becoming a series of clicks and winks,” a scríobh an fear grinn.

Cuireadh i leith Porter ar na meáin shóisialta go raibh a ráiteas ‘maslach’ agus ‘díspeagúil’.

Ach dúirt sé ar a leathanach Facebook ina dhiaidh sin nár cheart aon cheann a thógáil den mhéid a scríobhann sé sa cholún.

“Just being a ‘bit of craic’… Not stuff to be taken seriously!” a dúirt Porter.

Bhí, a dúirt sé, ‘pot shots’ nó ‘jokes’ sa cholún céanna faoin iliomad ábhar, ina measc a cheantar dúchais féin, Tamhlacht.

Fág freagra ar 'Al Porter le filleadh ar ‘GaelGÁIRÍ’  ag an Galway Comedy Carnival'