Aki agus Dillane ag fanacht ar an mBóthar Beag ar feadh cúpla bliain eile

Bhí dea-scéal ann do Chúige Chonnacht ar maidin agus é fógartha go bhfuil conarthaí nua sínithe ag Bundee Aki agus Ultan Dillane leis an gcúige

Aki agus Dillane ag fanacht ar an mBóthar Beag ar feadh cúpla bliain eile

Bundee Aki agus Ultan Dillane. INPHO/James Crombie

Tá sé fógartha ar maidin go bhfuil conarthaí nua sínithe ag beirt imreoirí le Cúige Chonnacht, Bundee Aki agus Ultan Dillane. Tá síneadh trí bliana curtha le conradh Aki, rud a fhágann go mbeidh geansaí Chúige Chonnacht á chaitheamh aige go dtí 2020, agus is in 2019 anois a thiocfaidh deireadh le conradh Dillane.

Is iontach an scéal é seo don chúige mar go raibh amhras ann an mbeadh an bheirt ag imirt leo amach anseo agus an tuiscint ann go raibh Cúige Mumhan i measc na bhfoirne a bhí ag iarraidh iad a mhealladh.

Dúirt bainisteoir Chúige Chonnacht, Pat Lam, ar maidin gur comhartha é den dul chun cinn atá déanta ag Cúige Chonnacht go raibh siad in ann an bheirt a choinneáil, fiú agus suim ag foirne eile iontu.

“Táim thar a bheith sásta go bhfuil cinneadh déanta ag Bundee agus Ultan fanacht le Cúige Chonnacht. Is imreoirí den scoth iad agus tar éis na dtaispeántas atá tugtha acu, níl aon amhras ach go raibh roghanna eile acu maidir le cé leis a n-imreoidís.”

Is dea-scéal atá ann d’fhoireann na hÉirean chomh maith go bhfuil an conradh nua seo sínithe ag Aki mar go mbeidh cead aige imirt don fhoireann idirnáisiúnta an fómhar seo chugainn. Ó thosaigh an Nua-Shéalannach ag imirt do Chúige Chonnacht, tá moladh ar leith tuillte aige agus bhí ról lárnach aige i mbua Chúige Chonnacht sa PRO12 an séasúr seo caite, agus é ainmnithe mar Imreoir na Bliana sa chomórtas céanna.

Dúirt sé ar maidin go mbraitheann sé féin agus a chlann “sa mbaile” i nGaillimh anois agus go bhfuil tuilleadh dul chun cinn i ndán don chúige amach anseo.

“Bhí cúpla bliain dochreidte agam le Cúige Chonnacht. Bhog mé sall anseo gan fios agam céard a bhí romham ach tá mé féin agus mo chlann buailte fúinn anseo anois. Táim bródúil a bheith mar chuid den fhoireann seo agus táim ar bís go bhfeicfidh mé céard is féidir linn a dhéanamh le chéile amach anseo.”

Cé nach bhfuil an Ciarraíoch Dillane ach 22, tá dul chun cinn suntasach déanta aige le cúpla bliain anuas. D’imir sé a chéad chluiche do Chúige Chonnacht i mí na Nollag 2014 ach taobh istigh de 14 mí, bhí geansaí na hÉireann á chaitheamh aige agus é tagtha isteach mar ionadaí i gcoinne Shasana i gCraobh na Sé Náisiún 2016. Tá ceithre chluiche eile imeartha aige d’fhoireann Joe Schmidt ó shin.

Dúirt Dillane go raibh “an-deis tugtha ag Cúige Chonnacht” dó agus go raibh “áthas” air conradh nua a shíniú.

Fág freagra ar 'Aki agus Dillane ag fanacht ar an mBóthar Beag ar feadh cúpla bliain eile'

  • Tomás Ó Ceallaigh

    Bhíos i nGaillimh inniu ,bhí bóthar an choláiste scríobhata ar na comharthaí bóithre sealadacha seachas an bóthar beag Ar athraigh an Comhairle Cathrach ainm an bhóthair ?