Aitheantas don Ghaeilge sa dréacht den chéad pholasaí cultúrtha náisiúnta riamh – cáipéis atá seolta i mBéarla amháin

Deir urlabhraí Gaeilge Shinn Féin sa Seanad Trevor Ó Clochartaigh gur ‘masla’ do ‘phobal na Gaeilge’ nár foilsíodh i nGaeilge Culture 2025 – Éire Ildánach

Screen Shot 2016-07-20 at 20.37.28

Tugtar aitheantas sa dréacht den chéad pholasaí cultúrtha náisiúnta riamh don Ghaeilge agus don Ghaeltacht mar chuid lárnach dár bhféiniúlacht, ach níl ar fáil ach leagan Béarla den dréachtpholasaí a sheol an tAire Heather Humphreys inné.

Thug urlabhraí ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta le fios do Tuairisc.ie nár cuireadh leagan Gaeilge den cháipéis ar fáil toisc gur dréacht a bhí i gceist ach go bhfoilseofaí leagan dátheangach den “cháipéis chríochnúil”.

Dúirt urlabhraí Gaeilge Shinn Féin sa Seanad Trevor Ó Clochartaigh, áfach, gur bocht an scéal go gcuirfeadh an Roinn a bhfuil cúram na Gaeilge agus na Gaeltachta uirthi cáipéis thábhachtach dá leithéid amach i mBéarla amháin.

“Masla eile is ea é seo ó Aire agus Roinn atá in ainm is a bheith ag faire amach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Léiríonn sé drochmheas ar phobal na Gaeilge nár cuireadh an polasaí amach i nGaeilge go comhuaineach, go háirithe nuair is í an Roinn atá i gceannas ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge atá i gceist.

“Cén chaoi ar féidir leo a bheith ag súil go ndéanfaidh ranna agus eagraíochtaí eile a gcuid ar son na teanga nuair nach bhfuil siad féin sásta dea-shampla a thabhairt? Tá ceap magaidh á dhéanamh acu de phobal na Gaeilge, ach faraor ní chuireann sé aon iontas orm mar ní hé an chéad uair é ag an Aire ná an Rialtas seo,” a dúirt an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh le Tuairisc.ie aréir.

Trevor_Ó_Clochartaigh_crop
Trevor Ó Clochartaigh

Gealltar in Culture 2025 – Éire Ildánach go ndéanfar tuilleadh infheistíochta sa Ghaeilge as seo go ceann roinnt blianta, mar atá geallta i gclár an Rialtais chompháirtíochta.

Deirtear chomh maith sa dréachtpholasaí nua, Culture 2025 – Éire Ildánach,  go gcuirfí tacaíocht ar fáil don teanga, don Ghaeltacht agus do ghréasáin teanga le go mbeidh rath orthu agus beocht iontu.

Tugtar aitheantas sa cháipéis nua don Ghaeilge mar chuid lárnach dár bhféiniúlacht agus do ‘bhláthú’ na litríochta Gaeilge agus deirtear gurb í an Ghaeltacht croílár na teanga.

D’fhoilsigh an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphreys, inné an dréacht-Chreatpholasaí do Éire Ildánach/Cultúr 2025.

Dúirt an tAire gurb é aidhm an dréachtpholasaí an “chruthaíocht a chothú”.

“Tríd an gCreat Polasaí seo, tá sé mar aidhm againn cruthaíocht a chothú, borradh a chur faoi rannpháirtíocht saoránach, cuidiú le tuilleadh daoine gairm inbhuanaithe a bheith acu in earnáil an chultúir agus saibhreas cultúrtha na hÉireann a chur chun cinn.

“Tá sé ríthábhachtach dom go gcuirfear an cultúr ag croílár pholasaí an rialtais agus go bhforbrófar cur chuige comhoibríoch ar fud na n-earnálacha,” a dúirt an tAire Humphreys.

Fág freagra ar 'Aitheantas don Ghaeilge sa dréacht den chéad pholasaí cultúrtha náisiúnta riamh – cáipéis atá seolta i mBéarla amháin'