Áit sa chéad bhabhta eile ag Irvine agus O’Reilly agus ceathrar Éireannach ag prapáil le dul sa ghleo

Tá brú breise ar ár ndornálaithe atá san iomaíocht i gCraobhchomórtais Dornálaíochta Amaitéaracha an Domhain i nDoha i mbliana – tá seans acu áit a bhaint amach sna Cluichí Oilimpeacha i Rio de Janeiro i 2016

Michael O'Reilly. Pictiúr: ©INPHO/Ryan Byrne
Michael O’Reilly. Pictiúr: ©INPHO/Ryan Byrne

Cuireadh tús inné leis an 18ú heagrán de Chraobhchomórtais Dornálaíochta Amaitéaracha an Domhain i nDoha Chatar. Tá seachtar dornálaithe as Éirinn ag glacadh páirte iontu – Michael Conlan (CD Clonard, Béal Feirste), Joe Ward (CD Moate / AIBA Pro Boxing (APB)), Michael O’Reilly (CD Phort Laoise), Sean McComb (CD Trinity, Co. Aontroma), Brendan Irvine (CD St Paul’s, Co. Aontroma) agus Dean Walsh (CD St Josephs/St Ibars, Loch Garman).

Cé gur minic a bhíonn Éire chun tosaigh i ngort na dornálaíochta, níl ach naoi mbonn buaite againn sna craobhchomórtais seo – ocht mbonn cré-umha agus an bonn airgid a bhuaigh Jason Quigley i 2013.

Tá brú eile ar ár ndornálaithe i mbliana, áfach – tá seans acu áit a bhaint amach sna Cluichí Oilimpeacha i Rio de Janeiro i 2016. Níl an brú seo ar chaptaen na foirne Michael Conlan, áfach, toisc go bhfuil áit bainte amach aige cheana féin trína dhul chun cinn i Sraith Dhornálaíochta an Domhain, nó an WSB.

Tá réalt na foirne sa tóir ar an mbonn óir chun cur leis na cinn a bhuaigh sé i gCraobhchomórtais na hEorpa i mí Lúnasa agus i gCluichí an Chomhlathais anuraidh, chomh maith leis an mbonn cré-umha a fuair sé sna Cluichí Oilimpeacha i 2012.

Tá an seisear eile sa tóir ar áit sna Cluichí Oilimpeacha i Rio, chomh maith leis na craobhchomórtais ar fad a bhuachan, ar ndóigh. Bhí ar thriúr troid sa 32 deireanach inné – Irvine, O’Reilly, agus Walsh.

Ba é Brendan Irvine, cuilmheáchán éadrom, an chéad Éireannach isteach sa chró. Bhuaigh an fear as Béal Feirste go compordach in aghaidh an Mheiriceánaigh, Nico Hernandez. Troidfidh sé arís in aghaidh Muhammet Unlu as an Túirc sa chéad bhabhta eile.

Faraor, i roinn an mharcmheacháin, níor éirigh le Dean Walsh an lámh in uachtar a fháil ar Luis Arcon Diaz as Veiniséala. Cé nach raibh mórán eatarthu, bhronn beirt mholtóirí an babhta deiridh ar Diaz agus ba mar gheall air sin gur éirigh leis an bua a bhaint amach. Beidh dhá sheans eile ag Walsh, nia bhainisteoir na foirne, Billy Walsh, áit a bhaint amach sna Cluichí i Rio – sa Tuirc agus san Asarbaiseáin san earrach.

Ba é O’Reilly, áfach, an meánmheachán as Loch Garman, a thug an svae leis nuair a fuair sé an ceann is fearr ar an Ucránach Valerii Kharlamov. Thug O’Reilly sárthaispeántas dornálaíochta sa chró chun an troid a bhuachan 30-27 ar gach scórchárta. Troidfidh seisean in aghaidh an Astrálaigh Daniel Lewis ar an Déardaoin. Tar éis an bonn óir a bhuachan i gCraobhchomórtais na hEorpa sa Bhulgáir, beidh seisean ag súil leis an rud céanna i gCatar.

Beidh Sean McComb agus Adam Nolan ag dul isteach sa chró tráthnóna.

Fág freagra ar 'Áit sa chéad bhabhta eile ag Irvine agus O’Reilly agus ceathrar Éireannach ag prapáil le dul sa ghleo'