Aistritheoirí deonacha á lorg chun Gaeilge a chur ar fhóin phóca

Tháinig na chéad fhóin Ubuntu amach ag tús na bliana seo caite agus tá Ubuntu ar fáil i nGaeilge ar ríomhairí cheana féin

Ubuntu tablet phone technology computer

Tá aistritheoirí deonacha á lorg chun an córas oibriúcháin foinse-oscailte Ubuntu a chur i nGaeilge d’fhóin phóca. Bunaithe ar Linux atá an córas Ubuntu agus tá sé ar fáil do ríomhairí agus do fhreastalaithe ón mbliain 2004. Tháinig na chéad fhóin Ubuntu amach ag tús na bliana seo caite. Tá Ubuntu ar fáil i nGaeilge ar ríomhairí cheana féin, agus beidh an teanga ar fáil don leagan fóin go luath freisin.

Tá fón Ubuntu ag Joshua Ó Cadhla, Éireannach atá ag cur faoi sa tSín. Tá an-chion ag Ó Cadhla ar an gcóras Ubuntu, atá in úsáid aige le seacht mbliana anuas, agus spéis mhór aige i dteangacha freisin. Cheannaigh sé an fón ó Meizu, comhlacht Síneach, agus bhí sé “leath ag súil” go mbeadh Gaeilge air, ó tharla go raibh na ríomhairí i nGaeilge. Ní raibh a rogha teanga ar an bhfón nuair a fuair sé é ach toisc gur córas foinse-oscailte atá in Ubuntu is furasta é a aistriú, dar le Ó Cadhla.

“D’fhéadfá a rá gurb é an ‘foinse-oscailte’ córas daonlathais na teicneolaíochta. Bheartaigh lucht a úsáidte go mbeadh sé i nGaeilge agus mar sin tá sé á chur i nGaeilge. Tá sé difriúil le comhlachtaí ar nós Microsoft nó Apple a dhéanfadh machnamh ar an mbrabach atá le baint as cinneadh ar bith. Is féidir le duine ar bith teanga ar bith a chur ar Ubuntu.

“Tá an Gháidhlig ar fáil ar an bhfón cheana agus tá súil agam go mbeidh an Ghaeilge ann nuair a dhéanfar an córas a uasdátú i ndiaidh mhí Eanáir, chaill muid an dáta sprice is deireanaí, ach bheadh mé ag súil go mbeadh sé ar fáil i 2016. A luaithe is a aistrítear é is ea is luaithe a bheidh sé ar fáil,” a dúirt Ó Cadhla le Tuairisc.ie.

Is féidir le duine ar bith ar spéis leo cur leis an togra clárú leis an suíomh Launchpad, a rialaíonn na tograí Ubuntu uilig, agus iarratas a chur isteach a bheith mar bhall den fhoireann aistriúcháin Ghaeilge. Nuair a ghlacfar leis an duine, beidh sé in ann tosú ag aistriú leis lom láithreach agus an rogha aige an leagan ríomhaire, atá nach mór críochnaithe, nó an leagan fóin, nach bhfuil críochnaithe ná baol air, a aistriú.

“Shíl mé nach mbeadh fonn ar mhórán daoine an dua sin a chur orthu féin. Chruthaigh mé Foirm Google lena dhéanamh níos éasca rochtain a fháil air agus is féidir le pobal na Gaeilge aistriúcháin a mholadh nó vótaí a chaitheamh ar aistriúcháin eile,” a dúirt Ó Cadhla.

Tá 38 duine cláraithe leis an bhfoireann aistriúcháin don Ghaeilge ar Launchpad agus iad ag aistriú leo ó bhí 2006 ann.

Tá dhá chomhlacht ann a dhíolann fóin a ritheann an córas Ubuntu faoi láthair. Tá ceann amháin acu lonnaithe sa tSín, Meizu, agus tá líon beag fón déanta acu go dtí seo agus iad á ndíol acu le lucht forbartha na teicneolaíochta den chuid is mó.

Is é an comhlacht Spáinneach BQ an dara comhlacht a dhíolann fóin Ubuntu lena gcuid custaiméirí. Tá dhá fhón ar fáil, an Aquarius E4.5 agus an Aquarius E5, ó BQ ar €170 agus €200 faoi seach. Is féidir le muintir na hÉireann na fóin sin a cheannach ar líne.

Fág freagra ar 'Aistritheoirí deonacha á lorg chun Gaeilge a chur ar fhóin phóca'