Aisteoirí óga ag teastáil do scannán faoi Sheosamh Ó hÉanaí

Tá cailín idir sé agus ocht mbliana d’aois á lorg ag Rowan Castings agus deirfiúr nó deartháir léi a bheadh níos óige ná sin - idir ceithre agus sé bliana d’aois

Sheosamh Ó hÉanaí

Tá aisteoirí óga as Conamara á lorg arís ag an ngníomhaireacht aisteoireachta Rowan Castings do scannán faoin amhránaí sean-nóis Seosamh Ó hÉanaí, Song of Granite.

An geábh seo tá cailín idir sé agus ocht mbliana d’aois á lorg ag an ngníomhaireacht agus deirfiúr nó deartháir léi atá níos óige ná sin – idir ceithre agus sé bliana d’aois.

“Tá sé tábhachtach go mbeadh an duine is sine den bheirt ina cailín ach is cuma más cailín nó buachaill an duine óg,” a mhínigh Amy Rowan, stiúrthóir na bpáirteanna.

Dúirt sí freisin go mb’fhearr i bhfad dá mba ón teaghlach céanna a thiocfadh an bheirt a ghlacfadh na páirteanna.

Beidh an bheirt le roghnú go luath agus iarrtar ar thuismitheoirí teagmháil a dhéanamh le Rowan Castings más spéis lena gclann cur isteach ar na páirteanna.

Bhí éisteachtaí ar siúl i mí na Nollag seo caite in Indreabhán le buachaill óg, a raibh an amhránaíocht ar an sean-nós aige, a aimsiú don scannán.

Tá obair déanta ag an gcomhlacht Rowan Casting leis na scannáin Adam and Paul, Garage, Kings agus na cláracha teilifíse The Clinic, Pure Mule agus Moone Boy.

Fág freagra ar 'Aisteoirí óga ag teastáil do scannán faoi Sheosamh Ó hÉanaí'

  • Nora Nic dhonncha

    Ta 3 chailin a bheidh suim acu. Aois 9, 5 agus 3